Taisteal Inacmhainne do Mhic Léinn agus d’Aosaigh Óga

Taisteal Inacmhainne do Mhic Léinn agus d’Aosaigh Óga

Ní bheidh ach an Cárta Leap Mic Léinn TFI nó an Cárta Leap d'Aosaigh Óga TFI (19 - 23) bailí do tháillí do mhic léinn / d'aosaigh óga ar gach seirbhís

Ceannaigh Anois

 

 

Faigh na táillí is fearr d'aosaigh óga agus do mhic léinn le Cártaí Leap d'Aosaigh Óga TFI nó Cártaí Leap Mic Léinn TFI! Cibé an bhfuil tú ag dul chuig an gcoláiste, ag taisceáladh na cathrach, nó ag tabhairt cuairte ar chairde, cuireann ár dtraenacha bealach taistil saor, solúbtha agus inbhuanaithe ar fáil.

Cén Fáth Taisteal ar an Traein a Roghnú?

Táillí Idirchathrach Dosháraithe

Le táillí chomh híseal le €4.40 ó Cheatharlach, €7.50 ó Phort Láirge, agus €10.39 ó Luimneach chuig nó ó Bhaile Átha Cliath, tá sé inacmhainne agus gan stró. Bain taitneamh as radharcanna sárscéimhe agus tú ag buaileadh le cairde nó ag dul go léachtaí— bíodh do thuras mar chuid saor ó strus de do dheireadh seachtaine nó gnáthamh staidéir!

Ceannaigh Anois

Taisceáladh ar Bhaile Átha Cliath Gan Stró

A bhuí le Táille 90 Nóiméad TFI, is féidir leat léim ón LUAS, DART, an chuid is mó de sheirbhísí Iarnróid Comaitéireachta, Bus Bhaile Átha Cliath, agus seirbhísí Go-Ahead le haghaidh €1 ar feadh 90 nóiméad ó do chéad thapáil! Cibé an bhfuil sé i gceist agat dul go dtí an leabharlann, tabhairt faoi shnámh farraige i gCladach an Daichead Troigh, dul ag spaisteoireacht trí Fhaiche Stiabhna, nó pionta (nó dhó) a bheith agat agus tú ag baint suilt as siamsaíocht oíche i gcathair Bhaile Átha Cliath, is féidir leat dul timpeall gan dua.

Taiscéaladh Corcaigh le Muinín

Bain úsáid as do Chárta Leap TFI chun taisteal idir Mala, Corcaigh, An Cóbh, agus Mainistir na Corann, le táillí ísle idir 70c agus €1.95. Níl ort ach tapáil air agus ná déan dearmad tapáil as chun a chinntiú go ngearrtar an táille cheart ort!

Incháilitheacht agus Riachtanais Aitheantais:

Chun ár dtáillí d'aosaigh óga nó do mhic léinn a fháil le haghaidh taistil, ní mór duit ceann de na haitheantais seo a leanas a bheith agat:

Tabhair faoi deara: Ón 3 Meán Fómhair 2023, ní ghlactar ach le Cártaí Leap Mic Léinn TFI agus Cártaí Leap d'Aosaigh Óga TFI le haghaidh táillí mac léinn ar fud na seirbhísí iompair phoiblí ar fad. Cinntigh go bhfuil cárta bailí agat agus tú ag cur in áirithe agus ag taisteal.

Réidh le Taisteal?

Déan iarratas ar do Chárta Leap d'Aosaigh Óga TFI nó ar do Chárta Leap Mic Léinn TFI inniu agus cuir tús le taitneamh a bhaint as na táillí dosháraithe seo!

 

Téarmaí agus Coinníollacha do chustaiméirí atá ag taisteal ar thicéid lascainithe don Aosach Óga / do Mac Léinn

 

Barr