Sábháilteacht agus Slándáil Iarnród Éireann
Paisinéirí
- Seas taobh thiar de na línte buí. Seas siar ó imeall an ardáin, is féidir le traenacha dul thar ar ardluas
- Trasnaigh leis na droichid choisithe nó leis na fobhealaí amháin, ná téigh ar an ráille ná thar theorainneacha na n-ardán
- Fan go dtí go stopfaidh an traein sula n-osclaíonn tú na doirse agus ná déan iarracht riamh dul ar bord traenach atá ag bogadh nó ná tuirling di ach an oiread
- Ná cuir bagáiste trom sna racaí lasnairde riamh
- Bí cúramach agus tú ag bogadh trí na carráistí ar thraein atá ag gluaiseacht agus bain úsáid as ráillí láimhe, nuair a bhíonn siad ar fáil
- Bí an-chúramach nuair a bhíonn staighrí, staighrí beo agus droichid á n-úsáid agat - go háirithe nuair a bhíonn an aimsir fhuar nó fliuch nuair a d’fhéadfadh sé a bheith sleamhain
- Siúil i gcónaí ar aon ardán, ná rith riamh
Tiománaithe, Crosairí Comhréidhe agus Droichid
- Tabhair faoi deara, léigh agus lean na comharthaí agus na treoracha go léir
- Stop e d’fheithicil i gcónaí nuair a bhíonn geataí crosaire comhréidh dúnta nó á ndúnadh, nó nuair a bhíonn na soilse rabhaidh lasta. Fan go n-osclaítear na geataí trasnaithe go hiomlán agus go múchtar na soilse, ansin lean ort go cúramach
- Ná tiomáin timpeall na ngeataí nuair a bhíonn siad á ndúnadh nó á n-oscailt
- Ag Crosairí Comhréidhe Gan Duine ina mBun léigh na comharthaí/fógraí roimh thrasrianta
- Breathnaigh agus Éist
- Chun tuilleadh eolais a fháil ar conas crosairí comhréidhe gan duine ina mbun a
úsáid, íoslódáil cóip dár cliceál anseo nó is féidir leat féachaint ar ár gCrosairí Comhréidhe ar Google Maps - Ba cheart do thiománaithe d’fheithiclí arda tiomáint go cúramach agus atá siad ag
tiomáint faoi dhroichid. Ba chóir duit airde d’fheithicle agus d’ualaigh a bheith ar eolas
agat i gcónaí, agus ceanglaítear ort leis an dlí cloí le comharthaí srianta airde
reachtúla. Cliceáil an nasc seo a leanas chun airde na ndroichead ar do bhealach a
sheiceáil
Tuismitheoirí agus Leanaí
- Ná bí ag súgradh ar na rianta iarnróid nó in aice leo. Cuimhnigh, seachas an baol gortaithe nó báis atá ann, is féidir fíneáil de €1,000 a bheith mar thoradh ar treaspás a dhéanamh.
- Ná bí súgradh in aice le cáblaí leictreacha ardvoltais nó línte lasnairde
- Ná tóg aicearraí thar rianta, cuimhnigh go bhféadfadh traenacha oibriú ag aon am den lá nó den oíche
- Ná caith clocha ar thraenacha; fágadh colm ar paisinéirí don chuid eile dá saol agus d'fhéadfaí iad a mharú
- Cabhraigh linn ár n-iarnróid a choinneáil slán
Slándáil
- Ba chóir do phaisinéirí aire a thabhairt dá gcuid earraí pearsanta, i stáisiúin agus fad agus a bhíonn siad ag taisteal ar thraenacha chomh maith.
- Níl Iarnród Éireann faoi dhliteanas as aon earraí pearsanta a chailltear nó a ghoidtear
- Níor cheart do phaisinéirí a mbagáiste a fhágáil gan duine ina mbun
- Ba cheart d'aon duine a chreideann go bhfuil rud amhrasach aimsithe acu i stáisiún é a chur in iúl do bhaill foirne an stáisiúin
- Ba cheart d'aon duine a chreideann go bhfuil rud amhrasach aimsithe acu ar thraein é a chur in iúl d'fhoireann IÉ ar an traein nó ag an gcéad stad stáisiúin eile. Ní hiondúil go n-úsáidtear na Hanlaí Coscáin Éigeandála ar bord na traenach mar fhreagra cuí ar rud amhrasach a aimsiú, ach amháin má tá fianaise eile ann go bhfuil bagairt fhíor agus láithreach ann don sábháilteacht
Tuarascálacha Sábháilteachta agus Slándála
Chun amharc ar thuarascálacha Sábháilteachta agus Slándála Iarnród Éireann, tabhair cuairt ar ár rannóg um Shaoráil Faisnéise.
Ceisteanna Coitianta Iompar Frithshóisialta
-
An bhfuil rochtain ag na Gardaí ar an téacs maidir le hiompar frithshóisialta a sheol mé agus ar m’uimhir gutháin?
-
Cad iad a rudaí ar féidir iad a thuairisciú leis an seirbhís téacs le haghaidh iompair fhrithshóisialta?
-
Nuair a bhainim úsáid as an seirbhís téacs le haghaidh iompair fhrithshóisialta, cá rachaidh mó theachtaireacht agus cé a léifidh mó théacs?
-
Cathain ar cheart dom an tseirbhís téacs le haghaidh iompair fhrithshóisialta a úsáid?
-
An bhfaighidh aon duine seachas Iarnrod Éireann mo chuid eolais pearsanta má bhainim úsáid as an tseirbhís téacs um iompar frithshóisialta?
-
Cén fáth nach bhfuil an tseirbhís téacs um iompar frithshóisialta saor in aisce?
-
Conas ar féidir liom an tseirbhís téacs le haghaidh iompar frithshóisialta a úsáid?
-
Conas ar féidir liom iarratas a chur isteach le haghaidh fístéipeanna CCTV?
-
Conas a bheidh a fhios agam go bhfuarthas mo théacs maidir le hiompar frithshóisialta agus go bhfreagraíodh é?
-
An bhfuil costas ag baint leis an seirbhís téacs le haghaidh iompar frithshóisialta?
-
Cad is cás éigeandála ann? (Cathain ar cheart dom glaoch a chur ar 999 nó 112?)
-
Tá ceisteanna agam maidir leis an gcaoi ina ndéantar mo chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil.
-
Céard a tharlóidh nuair a bheidh mo théacs maidir le hiompar frithshóisialta seolta?
-
Cad iad uaireanta oibriúcháin na seirbhíse téacs le aghaidh iompair fhrithshóisialta?
-
Céard a tharlóidh mura mbeidh an tseirbhís téacs le haghaidh iompair fhrithshóisialta ag obair ar fáth éigin?
-
Cad is seirbhís téacs roinnte ann, a úsáideann an tseirbhís tástála téacs le haghaidh iompar frithshóisialta?
-
Cad é an tseirbhís téacs le haghaidh iompair fhrithshóisialta ag Iarnród Éireann?
-
Cad é an bunús dlíthiúil a bhaineann le mo chuid sonraí pearsanta a phróiseáil nuair a bhainim úsáid as an seirbhís téacs frithshóisialta?
-
Cén fáth go bpróiseáiltear agus go mbaintear úsáid as mo shonraí pearsanta nuair a úsáidim an tseirbhís téacs um iompar frithshóisialta?
-
An gcuirfear stop leis an DART má thuairiscíonn duine iompar frithshóisialta tríd an tseirbhís téacs?
-
An n-aithneoidh an tiománaí nó an ball foirne gur mise, agus mé ar an DART nó ar an ardán, a sheol an téacs chuig an tseirbhís iompar frithshóisialta?
-
An mbainfidh Iarnród Éireann úsáid as na sonraí pearsanta a sholáthair mé agus iompar frithshóisialta á thuairisciú agam chun críocha díolacháin nó margaíochta?