Iarnród Éireann agus an Comhshaol
Is cinnte go mbeidh an iarmhairt cheaptha teasa ar cheann de na fadhbanna is tromchúisí a bheidh roimh an gcine daonna sa 21ú haois. Tá na héifeachtaí gan teorainn agus dochúlaithe araon
Ina measc tá athruithe aeráide, leibhéil farraige atá ag ardú agus gorta. Tarlaíonn an iarmhairt cheaptha teasa mar gheall ar astaíocht gás áirithe, go háirithe dé-ocsaíd charbóin, isteach san atmaisféar agus tá sé nasctha go díreach le húsáid daonna na mbreoslaí iontaise (ola, gual, srl.).
Tá an t-iompar ag croílár na faidhbe agus tá sé freagrach as an gcúigiú cuid de na hastuithe déocsaíde carbóin go léir sa lá atá inniu ann. Is as carranna agus leoraithe a thagann 80 nó 90% de na hastaíochtaí a shanntar don earnáil iompair. Ina theannta sin, tá na leibhéil astaíochtaí ag dul i méid níos tapúla ná an dul chun cinn teicneolaíoch mar gheall ar spleáchas iomlán ar bhóthar agus aeriompar ar ola agus ar an méadú ar thrácht.
In ainneoin na gcuspóirí foriomlána maidir le laghdú astaíochtaí atá beartaithe ag rialtais, nach leor iad de réir na saineolaithe eolaíochta, tá an córas iompair ag dul i dtreo staid doréitithe
Is féidir le hIompar Iarnróid cabhrú
Tá féidearthacht mhór ag iompar iarnróid chun an fhadhb a bhaineann le "soghluaisteacht nó comhshaol" a réiteach i bhfianaise na buntáistí comhshaoil aitheanta atá aige i gcomparáid le modhanna eile iompair.
- Tá traenacha níos tíosaí ar fhuinneamh ná modhanna eile agus, trí leictreachas a úsáid, tá sé éasca dóibh dul in oiriúint d'fhoinsí éagsúla fuinnimh, go háirithe dóibh siúd atá in-athnuaite agus nach bhfuil chomh truaillithe sin
- Tá cóimheas níos fearr ag traenacha maidir le hastaíochtaí CO2 i gcomparáid le modhanna eile.
Ar an mbonn sin, is féidir le traenacha bealach iompair atá i bhfad níos éifeachtaí agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a thairiscint do:
- seirbhísí paisinéirí uirbeacha agus áitiúla
- seirbhísí idirchathrach agus, go háirithe, seirbhísí ardluais
- seirbhísí lastais agus, go háirithe, iompar comhcheangailte
Dealraíonn sé, sna tíortha is forbartha, go bhfuil níos mó gá ann dul i dtreo modhanna iompair níos glaine agus, go háirithe, an traein a úsáid
Tá Iarnród Éireann tiomanta do bheith ag feidhmiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus chun leathnú iarnróid a spreagadh mar mhodh iompair do phaisinéirí agus lasta d'fhonn an iarmhairt cheaptha teasa agus cineálacha eile truaillithe a laghdú.