Flít Iarnród Éireann
Eolas ar Fhlít DART Iarnród Éireann
Is é “Mearlíne Átha Cliath” an t-aon líne iarnróid leictrithe atá againn. Ó luath ar maidin go déanach san oíche, feidhmíonn seirbhísí DART tapa agus minice ar feadh chósta Bhaile Átha Cliath ó Mhullach Íde agus Binn Éadair sa Tuaisceart go dtí na Clocha Liatha sa Deisceart.
Eolas ar Fhlít Comaitéara Iarnród Éireann
Taisteal go compordach ar bord ár dtraenacha Comaitéara éagsúla, ag seachadadh seirbhísí ardlín agus minice do chomaitéirí i gceantair Bhaile Átha Cliath, Chorcaí, Luimnigh agus na Gaillimhe.
Eolas ar Fhlít Lastais Iarnród Éireann
Oibríonn ár rannóg lastais meascán de thraenacha Idirmhodúla agus BulcLastais do chustaiméirí éagsúla ar fud na hÉireann.
Eolas ar Fhlít InterCity Iarnród Éireann
Taisteal i stíl idir Bhaile Átha Cliath agus cathracha móra na hÉireann ar bord ár dtraenacha InterCity, lena n-áirítear an ball is nuaí dár bhflít – Carr Iarnróid de chuid InterCity
Eolas ar Fhlít Innill Ghluaiste Iarnród Éireann
Lenár n-innill ghluaiste tugtar cumhacht dár dtraenacha InterCity MKIV & Enterprise agus úsáidtear iad chun lastais agus traenacha buanbhealaigh a tharraingt le linn athnuachana agus cothabhála ar na rianta.