Wi‐Fi agus Cumhacht ar bord Traenacha
Wi-Fi ar bord
Agus taitneamh á bhaint agat ar aistear tapa chuig do ceann scríbe, nach deas é taitneamh a bhaint as nasc tapa idirlín freisin. Agus Wi-Fi saor in aisce ar bord, arna chumhachtú ag Evad , is féidir ríomhphoist a sheoladh, taighde a dhéanamh le haghaidh cur i láthair ag an obair, rogha na cairte a íoslódáil, siopadóireacht ar líne a dhéanamh, na cluichí is fearr leat a imirt nó do lucht leanúna a tvuíteáil.
Ar fáil ar gach traein inár bhflít:
- Nascadh 1 chliceáil trí do ghléas WiFi-cumasaithe.
- Rochtain saor in aisce
- Nascadh tapa
- Ar fáil anois ar sheirbhísí Enterprise agus arna chumhachtú ag Nomad Digital
Conas nascadh le WiFi saor in aisce ar bord sheirbhísí Idirchathrach Iarnród
Éireann
Níl le déanamh ach do ríomhaire glúine a chur ar siúl, nascadh le ‘Irish Rail - WiFi’ agus do bhrabhsálaí idirlín a oscailt.
Má tá fadhb ar bith ag custaiméirí, is féidir leo glaoch gutháin a chur ar an bhfoireann Tacaíochta WiFi ar 0818-293111 nó ríomhphost a sheoladh chuig with wifisupport@evad.ie.
Conas nascadh le WiFi saor in aisce ar bord sheirbhísí Enterprise
Níl le déanamh ach do ríomhaire glúine a chur ar siúl, nascadh le ‘NI Railways WiFi’ agus do
bhrabhsálaí idirlín a oscailt.
Má tá fadhb ar bith ag custaiméirí, is féidir leo ríomhphost a sheoladh chuig ár soláthraí seirbhíse Nomad Digital ar nirailways-ots@nomadrail.com nó ar enterprise-ots@nomadrail.com.
Chun eolas a fháil faoi chúrsaí WiFi ag gach stáisiún, féach ar Faisnéis Taistil.
Cumhacht ar Bord
- ICR Trains: 220V soicéid pointe cumhachta ag gach suíochán
- Mark 4 Trains: 220V soicéid pointe cumhachta ag gach suíochán