Faisnéis faoin gCuideachta
Is fochuideachta de chuid Chóras Iompair Éireann é Iarnród Éireann, a sholáthraíonn seirbhísí iarnróid paisinéirí agus lastais chomh maith leis an tseirbhís Europort i Ros Láir a chur ar fáil.
Cuirtear seirbhísí paisinéirí iarnróid idirchathrach ar fáil idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, Sligeach, Béal an Átha, Cathair na Mart, Gaillimh, Luimneach, Inis, Trá Lí, Corcaigh, Port Láirge agus Europort Ros Láir agus comhoibríonn Iarnród Éireann an tseirbhís Fiontraíochta idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste le Northern Ireland Railways (Iarnróid Thuaisceart Éireann).
I measc na seirbhísí réigiúnacha tá an líne nua idir Luimneach agus Gaillimh, líonra comaitéara Chorcaí lena n-áirítear líne nua Corcaigh-Mainistir na Corann, agus na seirbhísí Acomhal Luimnigh go Port Láirge, agus Luimneach go Baile Uí Bhróithe (tríd an Aonach).
Chomh maith leis an tseirbhís DART, a chuirtear ar fáil idir na Clocha Liatha agus Binn Éadair / Mullach Íde, reáchtálaimid an tseirbhís chomaitéara sa cheantar Bhaile Átha Cliath idir Guaire, Droichead Átha, an líne nua M3 Bhealach na Páirce agus Maigh Nuad, chomh maith leis an tseirbhís comaitéireachta go Cill Dara.
Iarnród Éireann – Irish Rail, cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe, faoi theorainn scaireanna, cláraithe in Éirinn ag Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath 1, Ur. 119571 Ur. CBL: IE 4812851 O
Iarnród Éireann – Irish Rail, a designated activity company, limited by shares, registered in Ireland at Connolly Station, Dublin 1, No. 119571 VAT No. IE 4812851 O