Eolas Soláthair Iarnród Éireann
Foinsíonn rannóg Sholáthair Iarnród Éireann (IÉ) na hoibreacha, na hearraí agus na seirbhísí a theastaíonn ó Iarnród Éireann trí phróisis soláthair atá trédhearcach agus a chuireann chun cinn an rannpháirtíocht le soláthróirí, conraitheoirí agus soláthraithe seirbhíse ardchaighdeáin.
Is iad bunluachanna ár ngníomhaíochtaí soláthair ná go gceannaímid ár riachtanais ar bhealach trédhearcach, agus go gcloímid go hiomlán leis na riachtanais rialála go léir. Déanaimid ár ndícheall caidrimh soláthair a fhorbairt chun ár riachtanais a fhoinsiú ar an luach is fearr agus caighdeán agus costas don fhadtéarma á gcur san áireamh.
Téarmaí agus Coinníollacha
Ceannaíonn Iarnród Éireann earraí agus seirbhísí de réir Théarmaí agus Choinníollacha Caighdeánach IÉ chun Earraí agus / nó Seirbhísí a cheannach.
Cód Iompair do Sholáthraithe agus do Chomhpháirtithe Gnó (Márta 2011 - 125KB)
Polasaí maidir le Drugaí agus Alcóil (Iúil 2012 - 4MB)
Tabhair faoi deara le do thoil nach mbeidh feidhm ag Téarmaí agus Coinníollacha Caighdeánacha chun Earraí agus / nó Seirbhísí a Cheannach de chuid IÉ i gcás go n-eisíonn IÉconradh scríofa foirmiúil don Soláthraí a bheidh le síniú ag an dá pháirtí. Tá an doiciméad seo ar fáil ar iarratas ó:
Iarnród Éireann,
Rannóg Sholáthair,
Oibreacha CIÉ Inse Chór,
Baile Átha Cliath 8,
Éire.
Ceanglais Chóid maidir le Caiteachas Poiblí
Foilsítear thíos na soláthairtí sa chuideachta atá os cionn €10 milliún, de bhun an Chóid Chaiteachais Phoiblí.
Tuarascáil um Dhearbhú Cáilíochta 2015