Peataí ar bord Traenacha
- Is féidir madraí beaga a iompar saor in aisce má choimeádann an úinéir ina ngabháil iad.
- Caithfear an madra a choimeád ar iall an t-am ar fad mura gcoinnítear i gciseán nó i gcoimeádán iomchuí. Is gá béalóg a bheith ar mhadraí atá luaite arliosta na bpórtha teoranta agus iad ag taisteal ar bord ár seirbhísí
- Is féidir cait bheaga a iompar saor in aisce má choimeádann an úinéir ina ngabháil iad.
- Ní ceadaítear ainmhithe sna carráistí bialainne ach amháin madraí Treoracha nó madraí Cuidithe.
- Má chuireann custaiméir i gcoinne madra a bheith in aon charráiste leo, iarrfar ar úinéir an mhadra bogadh go háit éigin eile ar an traein.
Peataí ar bord Traenacha
Ceadaítear do mhadraí Treoracha agus do mhadraí Cuidithe taisteal ar bord sheirbhísí uile Iarnród Éireann, gan eisceacht. Caithfidh madra cuidithe a bheith inaitheanta go soiléir le cóta, bonn agus iall oifigiúil air ionas gur féidir é a shainaithint mar mhadra oibre seachas peata. Caithfidh madra treorach a bheith inaitheanta go soiléir le cóta agus úim oifigiúil air. Ní ceadaítear ach madra Treorach nó madra Cuidithe amháin in aghaidh an phaisinéara.
Madraí ar bith eile faoi thionlacan, seachas na madraí thuasluaite, níl cead iad a iompar ar sheirbhísí Idirchathracha ach amháin i Veain an Gharda (cábán neamhphaisinéara) más ann dó (e.g. ar sheirbhísí Bhaile Átha Cliath/Corcaigh agus Baile Áth Cliath/ Béal Feirste amháin). Bainfidh táillí sin. Ní mór do mhadraí a iompraítear i Veain an Gharda
- a bheith ceangailte le coiléar agus slabhra agus béalóg éifeachtach a bheith orthu freisin.
- caithfidh béalóg a bheith curtha ar an madra sa chaoi is nach féidir leis/léi greim a bhaint as madra nó as duine ar bith, ach níor cheart go gcuirfeadh sé cosc ar an madra anáil a tharraingt nó uisce a ól; nó ní mór don mhadra a bheith i gcás, ciseán nó ciseach adhmaid, déanta sa chaoi nach féidir leis an madra greim a bhaint as duine nó as ainmhí ar bith
- Is riachtanach go bhfuil an gabhdán mór go leo chun ligean don mhadra seasamh suas agus luí síos gan stró agus go compordach agus ní mór go bhfuil sé aeráilte go leordhóthanach.
- Ní mór go bhfuil lipéad iomchuí ar gach madra atá á iompar i Veain an Gharda (cábán neamhphaisinéara) agus ainm, seoladh agus ceann scríbe an úinéara luaite air
Mura bhfuil aon veain garda (cabán neamhphaisinéara) ar sheirbhís, ní ceadaítear madraí (seachas Madraí Treoracha, Madraí Cuidithe agus madraí beaga/maidríní) a iompar ar an traein sin.
Forchoimeádann Iarnród Éireann an ceart aige féin diúltú d’ainmhí ar bith a iompar má mheasann foireann an stáisiúin go gcuirfidh sé isteach, nó gur dóchúil go gcuirfidh a mhéid nóa iompar isteach, ar phaisinéirí. Tá údarás ag foireann na traenach ainmhithe mar seo a thógáil as an traein.