Táillí Iarnróid idir Baile Átha Cliath, Droichead Átha agus Dún Dealgan
Chun na táillí gréasáin is ísle atá againn a fháil, cuir in áirithe ar líne iad in am maith roimh ré. Is é an bealach is éasca chun ár dtáillí is fearr luacha a aimsiú ná an Pleanálaí Turais a úsáid chun do thuras a phleanáil céim ar chéim. Níl le déanamh ach cliceáil ar an gcnaipe thíos agus do riachtanais taistil a chur isteach sna réimsí 'Ó' agus ‘Go Dtí', an dáta/na dátaí taistil a roghnú agus ‘Ar Aghaidh’ a chliceáil.
Áireamhán na dTáillí
Roghnaigh bunstáisiún agus stáisiún cinn scríbe ó roghanna na mboscaí anuas agus roghnaigh ‘Téigh’ chun ár dtáillí oifige ticéad a fheiceáil.
Chun teacht ar liosta iomlán de shaghsanna ticéid agus de na táillí a ghearrtar ar an mbealach idir Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath agus Dún Dealgan, ní gá ach na treoirlínte a chuirtear ar fáil thíos a leanúint;
Eangach Tháillí idir Stáisiún Connolly, Droichead Átha agus Dún Dealgan
- Tabhair faoi deara an litir ina dtrasnaíonn do stáisiúin imeachta agus cheann scríbe ar an eangach, e.g. litir tháille Stáisiún Uí Chonghaile chuig/ó Dhroichead Átha = E
- Trí úsáid a bhaint as an litir sin, seiceáil Cairt na dTicéad agus na dTáillí (thíos) chun na ticéid agus na táillí a fheiceáil atá ar fáil don mheascán stáisiún sin
- Níl na heangacha táillí saoráideach do léitheoirí scáileáin agus iarraimid, dá bharr, ar dhuine ar bith a bhfuil léitheoir scáileáin á úsáid acu chun teagmháil a dhéanamh linn chun teacht ar aon eolas ar tháillí a theastaíonn uait
- Níl ticéad ag teastáil ó leanaí faoi 5 bliana d’aois chun taisteal, ach lena chinntiú go mbeidh suíochán ar fáil, áfach, moltar go ndéantar áirithint Suíocháin Amháin a cheannach
Cairt na dTicéad agus na dTáillí idir Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath agus Dún Dealgan
Chun teacht ar eolas ar shaghsanna ticéid, tabhair cuairt, le do thoil, ar ár mír Eolas ar Thicéid..
Cairt na dTicéad agus na dTáillí idir Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath agus Dún Dealgan | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál Ticéid | A | B | C | D | E | F | G |
Ticéad Singil Duine Fásta | €4.80 | €7.05 | €9.10 | €10.85 | €11.95 | €13.55 | €17.20 |
Ticéad Singil Duine Fásta (As Buaic Nóta 1) | € | € | €8.35 | €10.45 | €11.20 | € | €15.75 |
Ticéad Fillte Lae Duine Fásta | €8.85 | €12.40 | €15.15 | €16.90 | €19.50 | €21.75 | €25.30 |
Ticéad Fillte Lae Duine Fásta (As Buaic Nóta 1) | € | € | €10.30 | €11.45 | €12.00 | € | €17.05 |
Ticéad Oscailte Fillte Duine Fásta | €9.95 | €13.35 | €16.25 | €18.50 | €21.10 | €23.80 | €28.15 |
Ticéad Seachtaine Duine Fásta | €29.70 | €40.50 | €43.50 | €57.30 | €61.20 | €78.90 | €81.50 |
Ticéad Míosa Duine Fásta | €103.00 | €142.00 | €162.00 | €190.00 | €211.00 | €263.00 | €290.00 |
Ticéad Seachtaine Leanbh | €11.05 | €15.05 | €16.15 | €21.30 | €22.70 | €29.30 | €30.25 |
Ticéad Míosa Leanbh | €38.00 | €57.00 | €69.00 | €86.00 | €93.00 | €117.00 | €127.00 |
Ticéad Fillte Lae Teaghlach | €13.50 | €16.00 | €19.50 | €22.00 | €25.50 | €30.00 | €33.50 |
Ticéad Oscailte Fillte Teaghlach | €20.50 | €25.00 | €31.00 | €35.00 | €40.00 | €44.50 | €52.00 |
Ticéad Singil Aosach Óg / Mac Léinn | €2.40 | €3.50 | €4.50 | €5.45 | €6.00 | €6.75 | €8.60 |
Ticéad Fillte Lae Aosach Óg / Mac Léinn | €4.45 | €6.20 | €7.55 | €8.45 | €9.75 | €10.90 | €12.65 |
Ticéad Seachtaine Mac Léinn (Nóta 2) | €14.85 | €20.25 | €21.75 | €28.50 | €30.00 | €38.25 | €40.75 |
Ticéad Míosa Mac Léinn (Nóta 2) | €51.50 | €71.00 | €81.00 | €95.00 | €105.50 | €131.50 | €145.00 |
Mura féidir leat táille a aimsiú nó má theastaíonn eolas uait ar thicéid agus táillí trasbhealaigh, e.g. idir an tAonach agus Sligeach, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn..
Táillí do Leanaí- Gearrtar leath na táille ar leanaí idir 5 agus 18 bliana d’aois a ghearrtar ar dhuine fásta a mhéid le €31 (gan ticéid séasúir seachtaine/mhíosa a chur san áireamh).
Nóta 1: Riachtanais Aitheantais - Teastaíonn Aitheantas Bailí chun ticéid Seachtaine agus Mhíosa do Mhac Léinn a cheannach, chun teacht ar eolas breise, caith súil ar ár mír Aosach Óg / Mic Léinn.
Nóta 2: Promóisean Seachbhuaice - Tá an promóisean seo ar fáil i ndiaidh 09:30 uair ó Luan go Satharn agus an lá ar fad ar an Domhnach. Tá an promóisean bailí idir Dún Dealgan chuig/ó Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath agus i ngach stáisiún ar an mbealach eatarthu.