Laethanta Sona - Spraoi don Teaghlach ar an Traein!
Téigh ar thuras traenach agus bainfidh tú taitneamh as an
eispéireas taistil teaghlaigh is fearr
Tabhair deis do do leanaí taithí a fháil ar chuimhní na hóige ar an taisteal agus ar na sceitimíní a bhaineann le rudaí nua a fheiceáil, dul chomh fada le háiteanna nua, agus am a chaitheamh taobh leat. Bíonn an teaghlach ar fad lán fuinnimh agus ar a suaimhneas agus réidh le leanúint lena n-aistear nuair a bhaineann siad a gceann scríbe amach. Lean ort, tabhair do theaghlach ar thuras traenach, ní hionann é agus turas sa charr.

Cé le haghaidh na dticéad traenach teaghlaigh?
Tá gach ticéad teaghlaigh bailí le haghaidh turas fillte do 1 nó 2 dhuine fásta agus suas le 4 leanbh idir 5 agus 18 bliana d’aois. Is féidir le leanaí faoi 5 bliana d’aois taisteal saor in aisce ar sheirbhísí Idirchathracha.
Cá bhfuil ticéid teaghlaigh don traein le ceannach?
Is féidir ticéid teaghlaigh do thurais Idirchathrach a cheannach ar líne nó ó Oifigí Áirithinte nó ó Mheaisíní Díolta Ticéad (TVManna) i stáisiúin.
Cárta Leap
Is féidir le custaiméirí suas le 18% a shábháil ar thurais ar an Dart agus sa chrios turas gairid i gceantar Bhaile Átha Cliath nuair a bhíonn an cárta Leap in úsáid seachas ticéad singil nó ticéid fillte. Féach ar tháillí reatha an Chárta Leap agus ar an méid airgid is féidir leat a shábháil.
Sábháil am agus airgead (suas go dtí 24%) nuair a úsáideann tú Cárta Leap chun do tháillí a íoc.
Téarmaí agus Coinníollacha
- D’fhéadfadh go mbeadh srianta i bhfeidhm i ndáil le díolacháin ticéad ar laethanta nó ar bhealaí sonracha
- Caithfidh 1 dhuine fásta agus 1 leanbh taisteal nuair a cheannaítear Ticéid Traenach Teaghlaigh
- Ní mór go mbeadh leanaí idir 5 – 18 bliana d’aois chun Ticéid Idirchathracha a cheannach
- Níl Ticéid Fillte Lae Teaghlaigh bailí chun taisteal ach ar an dáta a thaispeántar ar an ticéad
- Caithfear an chuid don turas amach de Thicéad Fillte Oscailte Teaghlaigh a úsáid ar an dáta a thaispeántar ar an ticéad agus ní féidir an chuid don turas fillte a úsáid ach le haghaidh suas le 30 lá ón dáta seo
Cuir do Thicéad in Áirithe ar Líne chun ár dTáillí is Ísle a Fháil
An cuimhin leat an traein a fheiceáil nuair a bhí tú i do leanbh? Bheifeá ar bís nuair a chonaic tú é ag gluaiseacht i dtreo an ardáin agus nuair a chuaigh tú ar bord agus nuair a shuigh tú isteach sna suíocháin ollmhóra sin! Cheapfá go bhféadfadh sé thú a thabhairt áit ar bith ar domhan.
Amchláir
Féach ar amchláir in-íoslódáilte agus inphriontáilte dár seirbhísí go léir.