Bí i do Thiománaí Traenach

Bí i do Thiománaí Traenach

Bí i do Thiománaí Traenach

Oscailte d’Iarratais!

Iiarratas a dhéanamh anois

Tá lúcháir orainn ár bhFeachtas Tiománaithe 2024 a sheoladh. Is am spreagúil é a bheith mar chuid d’Fhoireann Amháin Iarnróid Éireann Irish Rail. Tá fáilte curtha againn roimh níos mó ná 200 Tiománaí faoi Oiliúint nua isteach inár n-eagraíocht le roinnt blianta anuas. Is mian linn leanúint leis an bhfás seo trí dheis a thabhairt DUITSE a bheith mar chuid dár dtodhchaí.

Is ceannaire dinimiciúil bródúil é Iarnród Éireann sa líonra iompair. Ag teacht lenár bhfís cuideachta fás agus feabhsú leanúnach, táimid ag lorg iarratasóirí uaillmhianacha chun páirt a ghlacadh inár ‘Foireann Amháin’.

Mar Thiománaí Traenach beidh de dhualgas ort turais shábháilte, dírithe ar an gcustaiméir a sheachadadh, le scóip chun leanúint ar aghaidh chuig róil amach anseo i bpoist mhaoirseachta agus bhainistíochta.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith toilteanach patrúin seala éagsúla a oibriú lena n-áirítear obair deireadh seachtaine. Déanaimid freagracht an róil seo atá ríthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de a mheaitseáil le scála tuarastail a fhéadfaidh uasmhéid de €65k in aghaidh na bliana a bhaint amach. Forbróidh na hiarrthóirí rathúla eolas oibríochta iomlán sula gcáileoidh siad mar chuid den chlár Oiliúna Tiománaithe Traenach.

Is eagraíocht muid a bhfuil meas mór againn ar ár bhfoireann agus a cuid comhaltaí. Oibrímid go dian lena chinntiú go bhfuil gach duine bródúil as a bheith mar chuid dár dtodhchaí.

Níl iad seo ach cuid de na sochair cuideachta iontacha atá againn DUITSE!

* Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil cuid de na sochair thuas inrochtana ar bhuanseasmhacht

Beidh iarratais á lorg againn do na láithreacha seo a leanas:

Íosriachtanais Iarratasóra

Ní mór d’iarratasóirí ceanglais Eorpacha um Cheadúnú Tiománaithe Traenach a chomhlíonadh le hoideachas lánaimseartha 9 mbliana ar a laghad agus ní mór dóibh a bheith os cionn 20 bliain d’aois.

Ní mór d’iarrthóirí rathúla na tréithe seo a leanas a léiriú:

Beidh roinnt céimeanna iolracha sa phróiseas roghnúcháin. Áireofar leis seo iarratais agus measúnuithe tosaigh ar líne, ionaid measúnaithe duine le duine, agallaimh bunaithe ar inniúlacht, diansheiceáil tagartha leighis agus sábháilteachta.

Má tá suim agat san fheachtas seo, cuir d’iarratas isteach tríd an nasc seo a leanas:

URL: https://extranet.theopc.co.uk/irishrail17/ 
CÓD ROCHTANA: IR2024INLK

Ag Iarnród Éireann Irish Rail táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Tosaíonn sé seo leis an gcaoi a n-earcaímid daoine. Tá sé tábhachtach dúinn go mbraitheann gach duine fáilte roimh a bheith páirteach inár n-eagraíocht agus déanaimid an-chúram chun cothrom na Féinne a chinntiú do chách. Déanfaimid ár ndícheall cóiríocht réasúnta a chur ar fáil do gach iarrthóir nuair is gá agus nuair a iarrtar sin. Is fostóir comhdheiseanna sinn agus ní dhéanaimid idirdhealú in aghaidh aon fhostaí nó iarratasóir ar fhostaíocht mar gheall ar chine, eitneachas, gnéas, aois, reiligiún, claonadh gnéasach, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú nó míchumas.

IE Company Values

Barr