Cork Airport Integrated Ticket
11 Feabhra 2025
Ticéad nua comhtháite seolta ar irishrail.ie
Tá Iarnród Éireann - Irish Rail, Bus Éirenan agus Aerfort Chorcaí ag obair i gcomhar lena chéile chun chun tús a chur le ticéad nua comhtháite, ticéad a thugann an rogha do phaisinéirí taisteal go hAerfort Chorcaí trí úsáid a bhaint as seirbhísí iarnróid agus bus – iad ar fad ar an aon ticéad amháin. Leis an bhfeidhm a seoladh le déanaí, beidh custaiméirí in ann áirithintí a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Iarnród Éireann - Irish Rail, aistriú go hAerfort Chorcaí a chur leis chun taisteal gan stró ó Stáisiún Cheannt go hAerfort Chorcaí ag baint úsáide as na bealaí 225 agus 226, arna n-oibriú ag Bus Éireann ar an gcostas breise €1.55
Is céim fhorásach eile í an ghné nua den ticéad comhtháite seo chun nascacht idir iompair phoiblí a fheabhsú, rud a chiallaíonn gur féidir le paisinéirí atá ag taisteal ar sheirbhísí Idirchathrach ó Chiarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Laois, taitneamh a bhaint as turas gan stró go hAerfort Chorcaí.
An tAlt Roimhe Seo
10 Feabhra 2025