Oibreacha Iarnróid Oíche Iarnróid Éireann
24 Feabhra 2023
Ag seo, tá liosta curtha ar fáil de na hoibreacha oíche ar ráillí atá beartaithe do sheirbhísí iarnróid Iarnród Éireann.
Tá Iarnród Éireann tiomanta do sheirbhís traenach ar ardchaighdeán a sholáthar don líon mór paisinéirí a thógann an DART, agus traenacha Comaitéireachta agus Intercity, agus a bhíonn ag úsáid an t-iarnród chuile lá. Chun cinnte a dhéanamh de go gcuirtear na seirbhísí poiblí seo ar fáil ar bhealach atá sábháilte, ní mór dúinn an bonneagar iarnróid a chothabháil agus a dheisú i gcónaí. Obair chothabhála criticiúil sábháilteachta atá i gceist leis an gcuid is mó den obair seo nach mór í a dhéanamh san oíche nuair nach bhfuil traenacha paisinéirí ann. Is féidir a lán torainn a bheith i gceist leis an obair seo, agus is féidir leis sin dul i bhfeidhm ar dhaoine atá ina gcónaí gar don iarnród toisc go mbítear ag úsáid meaisíní agus uirlisí cumhachta ar an mbóthar.
Déanaimid ár ndícheall daoine atá ina gcónaí cóngarach don iarnród a chur ar an eolas faoi aon oibreacha oíche atá beartaithe le bheith déanta gar dá dtithe. I gcás ceapaí árasán agus aonaid iolracha, is trí na cuideachtaí bainistíochta ábhartha nó trí na húinéirí il-aonad a dhéantar an chumarsáid sin, an chuid is mó den am.
Is féidir na cineálacha oibre ag seo a leanas a bheith i gceist le hoibreacha iarnróid oíche:
- Cothabháil ar na Pointí agus na Trasuithe
- Cothabháil ar an Ráille Líne Lom
- Smachtú Fásaithe
- Cothabháil agus Deisiúchán Droichead
- Oibreacha Ballasta
De ghnáth, déantar oibreacha oíche iarnróid idir meán oíche agus 6 a chlog ar maidin, seachas amháin ar an Domhnach, nuair is féidir leis an obair leanúint ar aghaidh go dtí 8 a chlog ar maidin.
Uaireanta, bíonn gá ann oibreacha éigeandála a dhéanamh ar ghearrfhógra, agus sa chás sin ní bhítear in ann réamhfhógra a thabhairt d’úinéirí tí. Chomh maith leis sin, bíonn roinnt mhaith den obair cothabhála scaipthe thar suas le 2km den líne ar aon oíche amháin, agus fágann sé sin nach mbítear in ann fógra a thabhairt do na líonta tí go léir a bhféadfadh tionchar a bheith aige orthu.
Chun teacht ar athruithe agus leasuithe don amchlár mar gheall ar oibreacha feabhsúcháin líne, féach ar an leathanach dar teideal Oibreacha Feabhsúcháin Líne atá le teacht.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhátaí agus suíomhanna ina mbeidh Oibreacha ar an oíche ar siúl san oíche, cliceáil anseo, le do thoil.
An tAlt Roimhe Seo
22 Feabhra 2023
Iarnród Éireann confirm catering services to return on Cork to Dublin route from early April
An Chéad Alt Eile
22 Márta 2023