Móroibeacha idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga na Canálach Móire idir an 26 Nollaig agus an 5 Eanair
26 Samhain 2024
Athnuachan iomlán ar an rian don is gnóthaí sa tír thar thréimhse na Nollag / na hAthbhliana, don chéad uair le fiche bliain anuas.
Tá Iarnród Éireann - Irish Rail le tabhairt faoi athnuachan iomlán a dhéanamh ar an gcuid is gnóthaí sa tír den líne iarnróid, an "Lúblíne" idir Stáisiúin Uí Chonghaile agus na bPiarsach i mBaile Átha Cliath, thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.
Beidh na hoibreacha ar an líne seo, ar a bhfuil beagáinín níos lú ná 100,000 gluaiseacht traenach gach bliain, ar siúl idir an 26 Nollaig 2024 agus an 5 Eanáir 2025, an dá lá sin san áireamh, le linn shéasúr na Nollag / na hAthbhliana, an t-am den bhliain ina bhfuil an líon is lú paisinéirí ag taisteal. Beidh na hoibreacha rian mar an chéad athnuachan ar an líne le fiche bliain anuas, nuair a cuireadh oibreacha den chineál céanna i gcrích thar na Nollag 2004 / na hathbhliana 2005.
Mar thoradh air sin, dúnfar an líne idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga na Canálach Móire le linn na tréimhse seo, le líon teoranta eisceachtaí idir Stáisiún na bPiarsach agus Duga na Canálach Móire. Mar thoradh ar na hoibreacha seo, beidh na hathruithe seirbhíse seo a leanas i bhfeidh, agus déanfar iad a nuashonrú ar an bpleanálaí turais go luath:
Déardaoin, an 26 Nollaig
- Ní bheidh aon seirbhísí ar ghréasán Iarnród Éireann - Irish Rail ar Lá an Dreoilín.
Dé hAoine an 27 Nollaig go Dé Domhnaigh an 5 Eanair an dá lá sin san áireamh (le roinnt eisceachtaí mar atá sonraithe thíos):
- Líne dúnta idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga na Canálach Móire
- Beidh seirbhísí DART ag feidhmiú idir Binn Éadair/Mullach Íde agus Stáisiún Uí Chonghaile, agus idir Duga na Canálach Móire agus Bré/na Clocha Liatha.
- Beidh tointeála teoranta bus ag feidhmiú idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Duga na Canálach Móire. Chomh maith leis sin, glacfaidh Bus Átha Cliath le ticéid iarnróid do chustaiméirí ó dheas agus iad ag taisteal ó/go lár na cathrach.
- Intercity services between Dublin Connolly and Rosslare Europort will involve bus transfers between Connolly and Bray
- Ní bheidh gach seirbhís Comaitéireachta ó Thuaidh agus Mhaigh Nuad ag feidhmiú ach amháin ó/go Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath.
Seo a leanas na heisceachtaí a bhaineann leis an méid thuas:
- Oíche Chinn Bliana ó 23:00 ar aghaidh: Dúnfar an líne idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún na bPiarsach chun freastal ar dhaoine a bheidh ag taisteal abhaile ó lár na cathrach go háiteanna ó dheas ar thraenacha déanach san oíche i ndiaidh imeachtaí na Féile Oíche Chinn Bliana. Beidh seirbhísí DART ó Thuaidh ag feidhmiú idir Stáisiún na bPiarsach agus Bré/na Clocha Liatha, le seirbhísí déanacha san oíche ag freastal ar Bhinn Éadair/Mullach Íde, Dún Dealgan, Maigh Nuad agus Cill Dara ag feidhmiú ó/go Stáisiún Uí Chonghaile.
- Déardaoin an 2 agus Dé hAoine an 3 Eanair, idir 06:00 agus 18:00: Dúnfar an líne idir Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún na bPiarsach amháin, chun freastal ar chomaitéirí a bheidh ag teacht ar ais ag taisteal go luath agus iad ag taisteal idir Dheisceart agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Beidh seirbhísí DART ó dheas ag feidhmiú idir Stáisiún na bPiarsach agus Bré / Na Clocha Liatha.
Le linn na n-oibreacha, beidh Stáisiún Uí Chonghaile ag feidhmiú go hiomlán seachas ardán 7, agus beidh Stáisiún Duga na Canálach Móire ag feidhmiú go hiomlán.
Chomh maith le cur isteach ar na seirbhísí, tá clár tiomnaithe faisnéise idirchaidrimh pobail curtha ar bun ag Iarnród Éireann - Irish Rail agus socruithe teagmhála do chónaitheoirí a bhfuil cónaí orthu gar don líne iarnróid, le linn na n-oibreacha.
Déanfar obair ar 2.1 km den le linn na hoibreacha seol athleagfar an rian go hiomlán ón taobh ó dheas d'ardán 6/7 i Stáisiún Uí Chonghaile go Stáisiún na bPiarsach.
Tabharfaidh modheolaíocht tógála nua-aimseartha, trasnáin sihntéiseacha, agus feabhsuithe teicniúla saol dearaidh 40 bliain don chuid seo den líne, is é sin ag méadú shaol na rianta a athleagadh roimhe seo (in 2004/5) faoi dhó.
Mar thoradh ar na hoibreacha seo, beifear in ann iniúchadh iomlán a dhéanamh ar shócmhainní Dhroichead na Lúb Líne.
Athleagadh an rian don uair dheireanach le linn thréimhse na Nollag, 2004 agus na hAthbhliaina, 2005, agus tá deireadh an tsaoil bainte amach aige. Níl innéacs um chaighdeán na rian (TQI) ar an leibhéal is a bheifear ag súil leis agus é ag freastal ar an líon seirbhísí seo.
Sa chás go gcuirfí na hoibreach seo ar athló, nó dá ndéanfaí iad a sceidealú thar thréimhse ama níos faide (cur isteach thar dheireadh seachtaine nó oibreacha san oíche thar thréimhse dhá bhliain), bheadh gá le srianta sealadacha luais, agus moill ar sheirbhísí nó líon na seirbhísí a bheith laghdaithe, chomh maith le costais i bhfad níos airde ar a bheith ar na hoibreacha.
Gabhann Iarnród Éireann - Irish Rail leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht dá bharr seo.
An tAlt Roimhe Seo
12 Nollaig 2024