Gradaim Sármhaitheasa d’Eispéireas an Chustaiméara, 2024 - Foirm Ainmniúcháin do Dhuais Rogha na nDaoine
10 Meán Fómhair 2024
Tá Iarnród Éireann Irish Rail ag tabhairt cuireadh don phobal a dtuairimí a chur in iúl dúinn agus vótáil a dhéanamh ar son bhall foirne a chuir go mór le turas nó a rinne a d(h)ualgas agus i bhfad níos mó ná sin chun seirbhís chustaiméara den scoth a sholáthar.
Beidh Bronnadh na nGradam Sármhaitheasa d’Eispéireas an Chustaiméara ar siúl an 15 Deireadh Fómhair 2024 i Staid Aviva, Baile Átha Cliath, agus beimid ag cur béime ar iarrachtaí agus baill foirne á gceiliúradh againn.
Tugtar cuireadh duit ainmniúchán a thabhairt do bhall foirne léirigh tiomantas dílis chun eispéireas den chéad scoth a sholáthar do chustaiméirí. Bunaithe ar na hainmniúcháin a fhaightear roimh an spriocdháta tabharfar cuireadh dóibh siúd a bheidh ar an ngearrliosta freastal ar an searmanas bronnta i mí Dheireadh Fómhair, agus bronnfar Teastas Aitheantais ar gach ainmní.
Ní mór gach Ainmniúchán a chur isteach faoin Domhnach, an 6 Deireadh Fómhair 2024.
An tAlt Roimhe Seo
09 Meán Fómhair 2024