Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Tá an DART 40 bliain d’aois

23 Iúil 2024

‘Ag ceiliúradh na cuimhní cinn’. Nochtann an tAire DART atá maisithe go speisialta chun an tseirbhís iarnróid íocónach a chomóradh’.

Cuireadh Íomhanna de dhaichead bliain na n-imeachtaí cinniúnacha i saol Bhaile Átha Cliath agus na hÉireann ar thraein DART atá maisithe go speisialta, atá "ag ceiliúradh na cuimhní cinn" chun comóradh 40 bliain a dhéanamh ar an seirbhís iarnróid íocónach Bhaile Átha Cliath.


Ó Bhosco go Brexit, ó bhuidéal bainne na Mílaoise go Comhionannas Pósta, arna léiriú ag Músaem Beag Bhaile Átha Cliath rachaidh na híomhánna agus na focail lasmuigh agus na cártaí taispeántais laistigh i bhfeidhm ar chustaiméirí an DART, bíodh siad ag taisteal ar an tseirbhís ón gcéad lá, nó ag tabhairt faoin gcéad turas.


Ar an 23 Iúil 1984, thosaigh an tseirbhís DART ag feidhmiú, agus ón dáta sin i leith, tá sí ag dul ó neart go neart i saol iompair phoiblí na tíre seo. Is íocón de chuid Bhaile Átha Cliath í, agus bhí ról ríthábhachtach aici i saol mhuintir Baile Átha Cliath thar na 40 bliain, le beagnach 670 milliún turas déanta ag paisinéirí.


I Stáisiún Dhugan na Canálach Móire, i gcomhar le Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann Irish Rail Jim Meade, le Príomhfheidhmeannach an NTA Anne Graham, agus le foireann DART san am atá thart agus i láthair nocht an tAire Iompair Éamon Ryan na carráistí DART atá deartha go speisialta. Chomh maith leis sin tá comóradh 40 bliain á cheiliúradh tríd na hócáidí seo a leanas:

  • Gearrscannán eisiach, scríofa ag Roddy Doyle, a eisiúint, ina bhfuil a charachtair "Two Pints" ag baint taitnimh as Deisceart Bhaile Átha Cliath agus iad ag taisteal ar an DART
  • Sraith chumhach físeán seolta ag Iarnród Éireann Irish Rail ina raibh cuid de na daoine a thóg, a choimisiúnaigh agus a bhí mar oibritheoirí ar an DART go luath sna 1980idí
  • Comórtas do chustaiméirí ar na meáin shóisialta chun bioráin chomórtha an DART a fháil chomh maith le málaí gualainne eisiacha atá deartha ó mhoquette cáiliúil a bhí ar shuíochán bhunaidh an DART
  • Tá comhdháil chun 40 bliain den DART a chomóradh beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair, ag an am céanna agus a nochtfar an chéad cheann den bfhlít nua DART+, atá á sheachadadh ag monaróirí Alstom. Déanfaidh an chomhdháil athbhreithniú ar dhaichead bliain den DART, agus caithfear súil chun cinn ar an gcéad chaibidil eile, is é sin seachadadh Clár DART+
  • I Mí Dheireadh Fómhair, reáchtálfaidh Féile Staire Bhaile Átha Cliath imeacht a dhéanfaidh machnamh ar stair an DART.
Le do thoil glac le marketing-cookies chun an t-ábhar seo a fheiceáil.

 

Dúirt an tAire Ryan:

"Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an DART 40 bliain d'aois, ach ag an céanna, tá cuma ar an scéal go raibh anseo i gcónaí, mar bharróg ar Chuan maorga Bhaile Átha Cliath, idir Binn Éadair ags Bré ar dtús, agus anois téann sí chomh fada agus na Clocha Liatha. Tá glúnta de mhuintir Bhaile Átha Cliath tar éis fás aníos leis an DART. Tá sí mar chúlra ag an oiread sin leabhar, scannán, físeán ceoil, scéalta faoi shaol Bhaile Átha Cliath agus faoi dhaoine, idir fhicseanúil agus fhíor."


“Nuair a moladh an DART ar dtús, dúradh gur réiteach ‘Rolls Royce’ a bhí ann, agus bhí i bhfad níos mó sa tsonraíocht di ná mar a bhí ag teastáil don chathair. Is maith an rud é nár éist Iarnród Éireann Irish Rail agus na daoine ar fad a raibh baint acu le forbairt an DART leis na glórtha diúltacha an uair sin. Ar dtús, bhí thart ar 25,000 paisinéir in aghaidh an lae á n-iompar ag an DART. Anois, tá an uimhir sin níos gaire do 90,000 duine, agus í ag fás an t-am ar fad. sin an fáth go bhfuil sé chomh spreagúil céanna go bhfuil sé i gceist againn é a leathnú – ó Thuaidh go Droichead Átha, siar go Maigh Nuad agus ó dheas go Baile Chill Mhantáin. Is aoibhinn le muintir Bhaile Átha Cliath agus cuairteoirí chun na cathrach an DART, agus tá mé ag súil go mór léi a bheith mar chuid dár scéalta saoil ar feadh na mblianta amach romhainn."

 

Dúirt Jim Meade, Príomhfheidhmeannach Iarnród Éireann Irish Rail:

"is pribhléid dom ceiliúradh a dhéanamh ar 40 bliain den DART le comhghleacaithe a chabhraigh leis an DART a thógáil agus é a oibriú sna laethanta luatha; leo siúd a bhainistíonn agus a dhéanann cothabháil uirthi agus ar an mbonneagar a bhaineann léi sa lá atá inniu ann; agus leo siúd a bhfuil sé de chúram orthu an Clár DART+ a fhorbairt, clár a mhéadóidh an gréasán DART faoin thrí.


Tá an DART ag dul ó neart go neart i saol iompair phoiblí na tíre. Sa ré eacnamaíoch dhúshlánach a bhí in Éirinn go luath sna 1980idí, bhí an DART mar fhianaise go dtacódh na pobail ar a bhfreastalaíonn sí le hinfheistíocht in iompar poiblí ardmhinicíochta ar ardchaighdeán, agus réitigh sé an bealach le haghaidh tuilleadh leathnú iarnróid, iarnróid éadroim agus bus inár bpríomhchathair agus ar fud na tíre. Táimid ag tnúth le rath agus le fás leanúnach an DART, agus muid ag cinntiú gurb é an t-iarnród cnámh droma ghréasán iompair inbhuanaithe na hÉireann don todhchaí."

 

Dúirt Ann Graham, Príomhfheidhmeannach ar an Údarás Náisiúnta Iompair:

"Agus muid ag ceiliúradh 40 bliain den DART, déanaimid ceiliúradh ar sheirbhís atá bunathraitheach do mhuintir Bhaile Átha Cliath agus do na ceantair mháguaird, le beagnach 670 milliún turas déanta le linn a saoil.”


“Ag féachaint ar an todhchaí, tá an Clár DART+ le cumas an ghréasáin a mhéadú faoi dhó agus acmhainn an ghréasáin a mhéadú faoi thrí, le tacaíocht ó 185 carráiste nua atá le teacht. Cinnteoidh an infheistíocht shuntasach seo i mbonneagar iompair go leanfar le hoidhreacht an DART, go gcuirfear tuilleadh feabhais ar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus ar rochtain ar iompar poiblí iontaofa agus éifeachtúil."

 

DART Facts and Figures

  • Ó cuireadh tús leis an DART sa bhliain 1984, tá beagnach 670 milliún turas déanta ag paisinéirí ar an tseirbhís.
  • Taistealaíonn traenacha DART 2.44 milliún ciliméadar in aghaidh na bliana, is é sin níos mó ná trí thuras fillte chun na gealaí
  • D’fhan flít an DART ag an mbunmhéid de 80 carráiste ó 1984 go 1999. Sa lá atá inniu ann, tá 144 carráiste ag feidhmiú ar an tseirbhís - áirítear leis seo an flít bhunaidh ar fad (seachas ceithre charráiste a scriosadh i dtine ag Iosta Fhionnradhairc i 2001). Chun uaillmhian Chlár DART+ a ceiliúradh, tá 185 carráiste nua DART ordaithe chun go mbeidh an tseirbhís in ann leathnú
  • Nuair a cuireadh tús leis an DART, rinneadh 25,000 turas gach lá ar an tseirbhís. Anois déantar suas le 90,000 turas gach lá ar an tseirbhís
  • Tá 31 stáisiún DART ar an ngréasán. Ar dtús, bhí 25 stáisiúnann: leathnaíodh an DART go dtí na Clocha Liatha, go Port Mearnóg agus go Mullach Íde sa bhliain 2000. Osclaíodh stáisiúin nua i mBóthar Chluain Tarbh (1997), i nDuga na Canálach Móire (2001) agus i gCluain Ghrífín (2010). Osclófar an 32ú stáisiún sa bhliain 2025 i Sruthán na Coill, idir an tSeanchill agus Bré
  • Chuirfeadh an leictreachas a úsáidtear chun an DART a chumhachtú gach bliain an riachtanas bliantúil leictreachais ar fáil do níos mó ná 6,250 teach in Éirinn, arb ionann é agus baile Mhullach Íde. Déantar 20% den fhuinneamh a úsáidtear a aisghabháil trí choscánú athghiniúnach.

DART agus Baile Átha Cliath

Is siombail íocónach de Bhaile Átha Cliath é an DART. Bhí an DART:

  • Le feiceáil i saothar Roddy Doyle
  • Mar spreagadh d’fhilíocht de chuid Buaiteoir Dhuais Nobel Séamus Heaney, nach maireann ("Baile Átha Cliath 4", a scríobhadh go speisialta do Poet's Corner ar DART)
  • Le feiceáil in Conversations with Friends, Fair City agus i gcláir teilifíse eile.
  • Mar chuid d'fheachtais pholaitiúla Dustin the Turkey: an DART a thabhairt go dtí an Daingean!
  • Mar an t-aon mhodh iompar poiblí ar a thaisteal Ross O'Carroll Kelly!
  • Mar spreagadh don bhlas clúiteach ‘DORT’
  • Mar spreagradh don úrscéal coireachta Gaeilge "Dúnmharú ar an DART" le Ruaidhrí Ó Báille

DART - An Todhchaí

Le 40 bliain bainte amach aici, tá DART le tabhairt faoi chéim nua leathnaithe sa Chlár DART+.


Is plean bunathraitheach é an Clár DART+ a chinnteoidh go mbeidh taisteal traenach i gcroílár ghréasán iompair inbhuanaithe na hÉireann.Arna mhaoiniú ag an Roinn Iompair tríd an Údarás Náisiúnta Iompair, faoi Thionscadal Éireann 2040, is infheistíocht é an Clár DART+ a dhéanfaidh acmhainn ar ghréasán Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a mhéadú faoi dhó, agus gréasán an DART a mhéadú faoi thrí. Éascfar soghluaisteacht agus forbairt inbhuanaithe caighdeán na beatha a fheabhsú san ardchathair agus sna contaetha máguaird de Chill Dara, Contae an Lú, Contae na Mí agus Cill Mhantáin.


Tá trí cinn as ceithre príomhthionscadal bonneagar faoin gClár DART+ ag an chéim phleanála, le hiarratais ar Orduithe Iarnróid seolta go dtí An Bhord Pleanála. Chomh maith leis sin, tá 185 carráiste nua ordaithe don DART+. Tiocfaidh an chéad cheann acu an Fómhar seo, chun dul i mbun seirbhíse go luath sa bhliain 2026.

 

An t-eolas is déanaí maidir le stádas Chlár DART+

Tionscadal

Ag freastal ar

An t-eolas is déanaí

Na chéad chéimeanna eile

DART+ an Iarthair

Maigh Nuad / Ollpháirc M3 go dtí an Chathair, lena n-áiritear iosta nua siar ó Mhaigh Nuad

Iarratas ar Ordú Iarnróid curtha isteach an 29 Iúil 2022, Thionól An Bord Pleanála Éisteacht ó Bhéal.

Táthar ag súil le cinneadh an Bhoird Pleanála.

DART+
an Iardheiscirt

Collchoill go Heuston agus Tollán Pháirc an Fhionnuisce

Iarratas ar Ordú Iarnróid curtha isteach an 22 Márta, 2023

Táthar ag súil le cinneadh an Bhoird Pleanála.

DART+
An Chósta Thuaidh

Stáisiún Uí Chonghaile

Iarratas ar Ordú Iarnróid curtha isteach an 12 Iúil, 2024

Comhairliúchán poiblí reachtúil ar oscailt, roimh chinneadh an Bhoird Phleanála.

DART+
An Chósta ó Dheas

Stáisiún Uí Chonghaile go dtí na Clocha Liatha

Tograí chun cur leis an acmhainn go dtí/ó na Clocha Liatha á bhforbairt.

Dátaí don gComhairliúchán Poiblí le deimhniú

Flít DART+

Gach bealach DART+ thuasluaite

DART+a

Tháinig na chéad charráistí sa bhliain 2024, le tástáil agus coimisiúnú le déanamh; rachaidh siad i mbun seirbhíse ar líne Dhroichead Átha agus ar an DART atá ann cheana féin go luath sa bhliain 2026

Feabhsú Acmhainne Chill Mhantáin

Comaitéirí Bhaile Chill Mhantáin

Staidéar maidir le roghanna agus féidearthachtaí ar bun

Táthar ag súil le torthaí an staidéir an Fómhar seo.

DART-Graphic-showing-schematic-diagram-of-DART-Programme

DART Decends

DART and Culture

DART Bosco

DART 40 Logo

An tAlt Roimhe Seo

12 Iúil 2024

DART to Drogheda takes a significant step forward

Barr