Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Athfhorbairt ar Stáisiún Cheannt

Tá obair athfhorbartha ar bun anois i Stáisiún Cheannt, Gaillimh, agus cuireadh tús leis go luath sa bhliain 2024.

Tá an athfhorbairt maoinithe gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach na Roinne Tithíochta (URDF) agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair. Cinnteoidh sé seo go mbeidh Stáisiún Ceannt – atá mar cheann de na stáisiún iarnróid uirbeach is fearr lonnaithe i gcathracha móra na hÉireann, – ina mhol iompair leathnaithe agus comhtháite i gcroílár na Gaillimhe.

 

Tacaíonn an tionscadal seo le fás agus forbairt inbhuanaithe mar atá beartaithe don chathair faoi Thionscadal Éireann 2040.     Chomh maith leis sin, tacaíonn sé le sprioc forbartha straitéiseach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun mol iompair phoiblí a chruthú don chathair i stáisiún Ceannt, mar chuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe.


Mar thoradh ar an stáisiún a athfhorbairt, tabharfar tacaíocht do na nithe seo a leanas:

  • Timpeallacht agus geilleagar na Gaillimhe, trí thacaíocht a thabhairt don athrú módúil go modhanna taistil poiblí agus taisteal gníomhach inbhuanaithe; d’astaíochtaí laghdaithe; agus trí áiseanna miondíola na cathrach a fheabhsú
  • Feabhsófar comhtháthú na saoráidí iarnróid agus bus trí fhorbairt dhlúthúsáide talún, go háirithe an fhorbairt atá beartaithe ag Cnoc San Aibhistín díreach ó dheas ón stáisiún
  • Feabhsófar inrochtaineacht agus cuimsiú sóisialta, tabharfar tús áite do chustaiméirí maol-luaineachta, telena n-áireofar áis Changing Places; agus tacófar le rochtain ar fhostaíocht agus ar sheirbhísí poiblí dóibh siúd nach bhfuil rochtain acu ar charr príobháideach
  • Soláthrófar timpeallacht taistil níos sábháilte lena n-áireofar gluaiseacht fheabhsaithe laistigh den stáisiún, agus an brú ar chosáin Bhóthar an Stáisiúin a laghdú
  • Féidearthacht chun spásanna breise (suí agus seasamh) ar sheirbhísí iarnróid a chur ar fáil, ionas gur féidir le níos mó daoine taisteal ar iarnród ó agus go Cathair na Gaillimhe

Mar thairseach chun na cathrach, cuirfear na nithe seo a leanas ar fáil de bharr na forbartha seo:

  • Méadú ar líon na n-ardán sa stáisiún ó dhá cheann go cúig cinn, chun tacú le seirbhísí iarnróid a leathnófar go mór amach anseo
  • Bealach isteach agus façade nua ar an taobh theas de Stáisiún Ceannt a sholáthar, chun stáisiún atá tarraingteach agus nua-aimseartha a chruthú, lena n-áirítear áiseanna nua do chustaiméirí, aonaid mhiondíola agus áiseanna leithris
  • Nascacht agus aistrithe idir seirbhísí iarnróid agus bus a fheabhsú, chun go mbeidh sé níos éasca agus níos tarraingtí do chustaiméirí modhanna éagsúla taistil a úsáid, chomh maith le hinrochtaineacht fheabhsaithe, limistéir feithimh, agus feabhsúcháin a dhéanamh ar oifig ticéad de chuid Bus Éireann. Ina theannta sin, forálfar do bhánna bus leathnaithe amach anseo, agus a bhfuil sé i gceist go ndéanfar an obair seo mar chuid d’fhorbairt na talún in aice láimhe
  • Cuirfear díon nua ar an halla traenach atá ann cheana féin chun an t-ardán agus na limistéir ghluaiseachta a athrú ina spásanna geala agus fáilteacha
  • Déanfar obair athchóirithe ar ingearchló atá ann cheana féin ar an taobh thuaidh chun tosaíocht a thabhairt d'inrochtaineacht agus do shoghluaisteacht custaiméirí tríd an stáisiúin ar fad
  • Déanfar oibreacha bonneagair lena n-áireofar obair riain agus athchomharthaíochta chun tacú le méadú ar líon na n-ardán, agus seirbhísí lena n-áireofar oibreacha draenála agus srl

Tá an obair á déanamh ag BAM Ireland d'Iarnród Éireann Irish Rail agus táthar ag súil go mbeidh an tógáil críochnaithe go mór faoin dara ráithe de 2026.  Leanfar ar aghaidh le seirbhísí iarnróid agus bus ar feadh an chláir oibreacha, agus fógrógar aon athruithe sealadacha ar bhealaí siúil do chustaiméirí roimh ré.

 

Barr