Beidh Feabhsuithe Móra mar thoradh ar The Big Lift
Tá 22 stáisiún eile ann ina bhfuiltear chun áiseanna ardaitheora a athnuachan nó a uasghrádú i 2021, le cuid d’infheistíocht €5.8 milliún
In Iarnród Éireann táimid ag infheistiú inár stáisiúin trí uasghrádú The Big Lift. As seo go ceann bliana, beidh athruithe móra á ndéanamh againn trínár n‐ardaitheoirí a ionadú agus a uasghrádú.
Beidh feabhsuithe móra do dhaoine ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta mar thoradh ar The Big Lift. B’fhéidir go mbeidh orainn cur isteach ar sheirbhísí áirithe anois, ach beidh rochtain bhreise iontaofa ar stáisiúin do gach duine amach anseo mar thoradh ar an obair seo.
Déanfar uasghrádú ar dó stáisiún dhéag ar fud an líonra faoi dheireadh 2024. Ach tá athruithe móra beartaithe againn, tá 52 stáisiún ar fud an ghréasáin iarnróid a bhfuil sé beartaithe infheistíocht shuntasach a dhéanamh iontu idir 2020 agus 2024.

Fad is atá an obair uasghrádaithe ar bun againn, déanfar socruithe chun freastal ar chustaiméirí ag a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta lena chinntiú go mbeidh rochtain ar stáisiúin ar fáil ar bhonn leanúnach.
Tá dátaí, suíomhanna agus mionsonraí inrochtaineachta do gach stáisiún Big Lift 2021 le fáil thíos:
Stáisiún | Tús na hOibre | Críoch na hOibre |
---|---|---|
Dún Búinne | 06/08/2024 | 02/09/2024 |
Collchoill & Cill Droichid (Platform 1) | 07/08/2024 | 06/09/2024 |
An Ros & Lusca | 12/08/2024 | 06/09/2024 |
Stáisiún Cheannt, Corcaigh | 12/08/2024 | 25/09/2024 |
Ollpháirc M3 | 26/08/2024 | 27/09/2024 |
Collchoill & Cill Droichid (Platform 5 / Island) | 02/09/2024 | 27/09/2024 |
Domhnach Bat | 02/09/2024 | 27/09/2024 |
Páirc Hans | 16/09/2024 | 11/10/2024 |
An Pháirc Thiar & Gort na Silíní (Platform 5 / platform 1) | 23/09/2024 | 18/10/2024 |
Sráid na Teamhrach | 23/09/2024 | 18/10/2024 |
Cois Bá | 30/09/2024 | 25/10/2024 |
An Pháirc Thiar & Gort na Silíní (Island) | 14/10/2024 | 08/11/2024 |
An Droichead Nua | 14/10/2024 | 08/11/2024 |
Ráth Eanaigh | 21/10/2024 | 15/11/2024 |
Cluain Dolcáin Cnoc an Fhuaráin | 29/10/2024 | 23/11/2024 |
Ollpháirc Bhóthar na hUaimhe | 27/11/2024 | 20/12/2024 |
Baile Adaim | 18/11/2024 | 20/12/2024 |
Cluain Ghrífín | 25/11/2024 | 20/12/2024 |
Cluain Saileach | 29/10/2024 | 23/11/2024 |
Mullach Íde | 22/07/2024 | 16/08/2024 |
An Ros & Lusca | 12/08/2024 | 06/09/2024 |