Cláir Chosanta Bhonneagar Iarnróid an Chósta Thoir (ECRIPP): Comhairliúchán Poiblí 1 – An Scéim is Dealraithí a Roghnófar
- Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí
- Stádas Reatha an Deartha
- Cad é a bhfuilimid ag dul i gcomhairle air faoi láthair?
- Conas a bheith Rannpháirteach
- Na Chéad Chéimeanna Eile
- An Scéim is Dealraithí a Roghnófar
Próiseas Comhairliúcháin Phoiblí
Tá an chéad chomhairliúchán poiblí faoi Chláir Chosanta Bhonneagar Iarnróid an Chósta Thoir (ECRIPP) le bheith ar siúl go luath agus baineann sé leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar i gcás gach aon cheann de na cúig limistéar cille cósta (CCAnna); CCA1, CCA2-3, CCA5, CCA 6.1 agus CCA6.2. Déanfar an t-aiseolas ar fad ón gcomhairliúchán poiblí reatha seo a mheas, cuirfear san áireamh é agus tuilleadh forbartha á dhéanamh ar an dearadh más gá, agus ansin déanfar an Scéim a Roghnófar do gach aon cheann de na cúig limistéar cille cósta CCA1 go CCA6.2 a chur i láthair ag comhairliúchán poiblí 2.
Glacfar le haiseolas an phobail le linn gach céime d’fhorbairt an deartha agus is féidir é a chur isteach trí shuíomh gréasáin an tionscadail, trí sheoladh ríomhphoist, líne gutháin nó trí chomhfhreagras scríofa. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig ‘Conas a bheith Rannpháirteach’.
Stádas Reatha an Deartha
Tá tús curtha leis an bpróiseas deartha agus le staidéir thimpeallachta do ECRIPP, agus táimid ag céim an-tábhachtach sa tionscadal.
Bunaithe ar an bPróiseas Roghnachais, is í an Scéim is Dealraithí a Roghnófar an meascán is fearr linn de na roghanna deartha a aithníodh ag an gcéim seo i bhforbairt an tionscadail. Tá staidéir ar láithreáin áirithe ar siúl fós agus dá bhrí sin, níl gnéithe áirithe den dearadh tugtha chun críche fós i gcás na láithreán sin. Bainfear úsáid as do chuid eolais áitiúil chun na staidéir seo a cur chun cinn, cuirfidh sé bonn eolais faoin dearadh agus cabhróidh sé linn tionscadal ar leith a dhearbhú sula ndéanfaimid iarratas ar chead pleanála i leith an tionscadail sin.
Tar éis na staidéar breise, na measúnuithe, na forbartha dearaidh, an chomhairliúcháin agus ár n-athbhreithnithe ar d'aiseolas, leagfar amach an Scéim a Roghnófar do gach limistéar cille cósta. Cuirfear an Scéim a Roghnófar i láthair ansin ag Comhairliúchán Poiblí 2.
Cad é a bhfuilimid ag dul i gcomhairle air faoi láthair?
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí, tugtar cuireadh don phobal tuairimí a thabhairt agus aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do gach ceann de na cúig limistéar cille cósta.
Tá gach eolas faoi gach Scéim is Dealraithí a Roghnófar, lena n-áirítear léarscáileanna, líníochtaí agus na Tuarascálacha faoi Roghnú na Réamhroghanna ar fáil lena bhfeiceáil agus lena n-íoslódáil ar an suíomh gréasáin tionscadail seo. Tá gach eolas faoin bpróiseas roghnachais ar fáil sna Tuarascálacha faoi Roghnú na Réamhroghanna.
Conas a bheith Rannpháirteach
Cuid riachtanach den dearadh agus den phróiseas measúnaithe is ea go nglacfaidh tú páirt agus go seolfaidh tú aiseolas chugainn. Beidh d’eolas áitiúil an-úsáideach maidir le bonn eolais a chur faoin dearadh atá á fhorbairt, cinnteofar leis go rachaidh an dearadh sin chun tairbhe duitse agus do mhuintir na háite agus go soláthrófar cosaint riachtanach fheabhsaithe cósta don bhonneagar iarnróid atá ann cheana féin.
Tá an tréimhse chomhairliúcháin ar oscailt faoi láthair agus dúnfar í an 4 Nollaig.
Téigh i dteagmháil linn trí na modhanna seo a leanas:
R-phost: ecrippenquiries@irishrail.ie
Líne ghutháin : 01 202 7900
Más fearr leat scríobh chugainn, seol litir nó aon chomhfhreagras eile chuig:
ECRIPP
Foirgneamh Innealtóireachta agus Oibreacha Nua,
Iarnród Éireann,
Oibreacha Inse Chór
Baile Átha Cliath 8, D08 K6Y3
Imeachtaí ar an Láthair
Táimid chun sraith d’imeachtaí comhairliúcháin ar an láthair a reáchtáil chun an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do gach CCA a chur i láthair dóibh siúd ar spéis leo tuilleadh eolais a fháil faoi na tionscadail. Déanfar an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do gach CCA a chur i láthair ag gach imeacht agus beidh baill den fhoireann tionscadail ann chun freagraí a thabhairt ar cheisteanna ó chónaitheoirí agus ón bpobal feadh an bhealaigh.
Imeacht ar an láthair Uimh.1 – Óstán Royal Marine, Dún Laoghaire, ar an 19 Samhain, ó 15:00uair go 19:00uair.
Imeacht ar an láthair Uimh.2 – Ionad Ealaíon na Maighdine Mara, Bré. Ar an 20 Samhain, ó 15:00uair go 19:00uair.
Imeacht ar an láthair Uimh.3 – Stiúideonna Spotlight, Cill Mhantáin, ar an 21 Samhain, ó 15:00uair go 19:00uair.
Na Chéad Chéimeanna Eile
Is mar thoradh ar an méid atá déanta go dtí seo (an próiseas um roghnú roghanna agus forbairt an deartha) a forbraíodh an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do gach limistéar cille cósta agus díreofar orthu sin ag an gcomhairliúchán poiblí seo.
Nuair a bheidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe, déanfar athbhreithniú agus measúnú ar gach aiseolas agus aighneacht a gheofar. Déanfar an méid sin mar chuid den phróiseas chun bailchríoch a chur ar an Scéim a Roghnófar atá le cur i láthair ag Comhairliúchán Poiblí 2.