Airde Droichead Iarnróid
Sábháilteacht Airde Droichid
Gach bliain, bíonn droichid buailte ag feithiclí atá ró-ard le dul fúthu. Níl an damáiste a dhéantar
do na droichid soiléir i gcónaí ach d’fhéadfadh sé a bheith tromchúiseach.
Tá sonraí eolais ar airde droichid ar fáil i bhformáid lámhleabhair áisiúil
Más rud é go mbuaileann d'fheithicil droichead iarnróid nó má fheiceann tú feithicil ag bualadh
droichid, GO HÁIRITHE den chineál a thaispeántar, cuir Iarnród Éireann I gCÓNAÍ ar an eolas
LÁITHREACH. D'fhéadfá timpiste níos tromchúisí a chosc.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na glanspásanna, nó chun cóipeanna a ordú de Léarscáileanna
Droichead Iarnróid déan teagmháil le hoifig an Phríomh-Innealtóir Sibhialta Bonneagair,
Ceanncheathrú um Rianta agus Comharthaí, Iarnród Éireann, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8 ar
(01) 703 4228.
- Ba cheart do thiománaithe d’fheithiclí arda tiomáint go cúramach agus atá siad ag
tiomáint faoi dhroichid - Ba chóir duit airde d’fheithicle agus an t-ualach a bheith ar eolas agat i gcónaí
- Ceanglaítear ort leis an dlí cloí le comharthaí srianta airde reachtúla
- Is féidir leat airde na ndroichead ar do bhealach a sheiceáil ar an léarscáil bheo. Tá
leagan PDF ar fáil freisin le híoslódáil.

Tá méadú ag teacht ar líon na mbuillí Droichid arís tar éis roinnt blianta ina bhfacthas laghdú air
seo In 2015 tharla 85 buille droichid ar fud an ghréasáin, ach i mbliana tá 68 buille droichid tar
éis tarlú go dtí seo amháin ar fud an líonra. Tá droichid á mbualadh ag feithiclí móra ar cheann
de na rioscaí sábháilteachta is mó atá roimh Iarnród Éireann.
Is air an DART a chonacthas an méadú is mó ar líon na n-imbhuailtí agus tharla 25 imbuaileadh
air i mbliana cheana féin. Ar an Déardaoin seo caite bhuail dhá fheithicil dhifriúla dá dhroichead
ar leith i gceantar na Canálach Móire laistigh de dhá uair an chloig, rud a chuir moill ar
thraenacha agus a chruthaigh ruaille buaille sa trácht. Ag an tráth seo anuraidh ba é 12 bhuille
droichid líon na n-imbhuailtí sa cheantar DART. D'ainneoin comharthaí feabhsaithe agus léarscáil iníoslódáilte ar féidir le haon duine ar mian leis airde na ndroichead a sheiceáil, tá
méadú fós tagtha ar an bhfadhb.
Ón leibhéal íseal de 72 buille droichid ar bhonn náisiúnta sa bhliain 2012, is cúis imní é an
méadú ar bhuillí droichid. D'fhéadfaí an méadú a bheith mar thoradh ar an méadú i dtrácht
tógála, ach níl sé inghlactha fós nach eol do thiománaithe trucaile in a lán cásanna airde na
feithicle a bhfuil siad á tiomáint acu.
Níor chuir an díspreagadh de phointí pionóis agus fíneálacha móra fiú cosc ar bhuillí droichid, go
háirithe i ndeisceart Chathair Bhaile Átha Cliath. Is féidir le buille droichid a bheith ina gcúis le
moill shuntasach ar sheirbhísí iarnróid agus bóthair, toisc go gcaithfidh Iarnród Éireann measúnú
struchtúrach a dhéanamh ar an droichead sula gceadaítear do thraenacha dul thar an mbóthar
tar éis imbhuailte, agus d’fhéadfadh an trácht bóthair a bheith blocáilte. Oibríonn Iarnród Éireann
go dlúth le Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann agus le hÚdaráis Áitiúla chun oideachas agus
eolas a thabhairt, ach is buille de bharraíocht é buille amháin. Ina theannta sin, measann Iarnród
Éireann gurb iad buillí droichid an chúis is dóchúla le tarlú tromchúiseach sábháilteachta iarnróid
ar an ngréasán.