Oibleagáid AE maidir le Rochtain Líonra
I gcomhréir le Treoracha AE, ba cheart do pháirtithe leasmhara a dteastaíonn uathu rochtain a fháil ar líonra Iarnród Éireann iarratas i scríbhinn a dhéanamh i dtosach báire chuig an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin, Iarnród Éireann, Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Déanfar iarratais ar rochtain a phróiseáil i gcomhréir le hIonstraim Reachtúil 55 de 2010.
Ionstraim Reachtúil 55 de 2010
I mí Feabhra 2010, d’fhoilsigh an tAire Iompair Ionstraim Reachtúil 55 de 2010 lena dtugtar éifeacht do Threoir 1011/14 ón gComhairle AE agus do gach leasú a dhéantar uirthi ina dhiaidh sin. Faoin Ionstraim Reachtúil seo, déanfar rochtain a dheonú ar ghnóthas iarnróid ar bith ar bhonneagar iarnróid an Stáit chun críocha seirbhísí idirnáisiúnta do phaisinéirí, seirbhísí idirnáisiúnta lasta, seirbhísí intíre lasta nó seirbhísí comhcheangailte iompair earraí a oibriú. Chun iarratas ar rochtain a dhéanamh, ní mór do ghnóthais iarnróid na ceanglais sábháilteachta agus cheadúnúcháin a leagtar amach i ndlí na hÉireann a chomhlíonadh.
Ionstraim Reachtúil 55 de 2010
Córas na Muirear Rochtana agus an Córas Feidhmíochta
Is féidir le gnóthais iarnróid rochtain a lorg ar bhonneagar iarnróid mar a fhoráiltear dó sin in Ionstraim Reachtúil 55 de 2010. Gearrfaidh Iarnród Éireann táillí as bonneagar a úsáid mar a leagtar amach in Alt 16 den ionstraim reachtúil agus beidh feidhm ag scéim feidhmíochta chun luaíocht a thabhairt nó pionós a ghearradh i ndáil le feidhmíocht an ghnóthais iarnróid agus feidhmíocht bhainisteoir an bhonneagair. Leagtar amach na sonraí uile i dtuarascáil Iarnród Éireann maidir le Córas na Muirear Rochtana & an Córas Feidhmíochta nó is féidir na sonraí a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Iarnród Éireann ag Stáisiún Uí Chonghaile, Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Baineann na muirir leis an tréimhse amchláir mí na Nollag 2010 go mí na Nollag 2011.
Córas na Muirear Rochtana & an Córas Feidhmíochta
Faisnéis Eile maidir leis an Líonra
Iarratasóirí a bhfuil tuilleadh faisnéise ag teastáil uathu maidir le tréithe bhonneagar Iarnród Éireann, maidir leis na coinníollacha ginearálta a bhaineann le hacmhainn a fháil agus maidir le húsáid a bhaint as saoráidí gaolmhara, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh le hIarnród Éireann ar networkaccess@irishrail.ie.