Cairt Phaisinéirí - Bí ar an eolas faoi do Chearta
Tá Iarnród Éireann tar éis a Chairt Chustaiméirí féin a fhorbairt ina leagtar amach na leibhéil agus na caighdeáin seirbhíse atá tú i dteideal a bheith ag súil leo mar chustaiméir de chuid Iarnród Éireann. Baineann an Chairt Chustaiméirí lena leithéid de shaincheisteanna agus caighdeáin feidhmíochta agus cháilíochta, eolas do chustaiméirí, aisíocaíochtaí ticéad, íocaíochtaí cúitimh, agus nósanna imeachta gearáin.
Anuas ar Chairt Chustaiméirí Iarnród Éireann, tá cearta paisinéirí iarnróid á gcosaint anois faoi Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007. Leis an Rialachán seo cuirtear réimse bearta ar fáil chun paisinéirí iarnróid agus a ngiuirléidí a chosaint agus iad ag taisteal ar an traein laistigh den Aontas Eorpach. In Éirinn, is é an tÚdarás Náisiúnta Iompair a dhéanann é sin a rialú. Tá eolas maidir leis na cearta seo, chomh maith leis na nósanna imeachta achomhairc i ndáil le gearáin a bhaineann leis na cearta seo, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta Iompair.
Roghnaigh ceann de na roghanna seo a leanas:
- Taisteal iarnród intíre in Éirinn
- Taisteal iarnród idirnáisiúnta (e.g. seirbhísí iarnróid Bhaile Átha Cliath - Béal Feirste)