TFI 90 €2 ar Charta Letap TFI
TFI 90 - táillí dosháraithe do chách
Baineann an táille TFI ar feadh 90 nóiméad (TFI 90) leis an chuid is mó de thurais i gceantar Bhaile Átha Cliath, agus níl chosnaíonn sé ach ó €2.00 do Dhaoine Fásta (24+), €1.00 d’Aosaigh Óga (19-23) agus Mic Léinn (24+) agus táille chomhréidh €0.65 do Leanaí (suas le 18 mbliana agus 18 mbliana d’aois san áireamh).
Ligeann TFI 90 do chustaiméirí Chárta Leap TFI an rogha aistriú idir seirbhísí traenach, bus, agus tramanna i gceantar Bhaile Átha Cliath ar feadh 90 nóiméad, gan aon chostas breise.
Tá Táille Ghearr ann freisin a bhaineann le turas singil amháin ar sheirbhísí inghlactha de thart ar 3km nó níos lú.

Táillí Cárta Leap TFI Leap | Duine Fásta (24+) | Aosach Óg (19-23) Mac Léinn (24+) | Leanbh (5-18) |
---|---|---|---|
Gearr | €1.30 | €0.65 | €0.65 |
TFI 90 Nóiméad | €2.00 | €1.00 | €0.65 |
Seirbhísí X | €2.40 | €1.20 | €1.00 |
Crios 5 de chuid Iarnród Éireann | Irish Rail | €3.00 | €1.50 | €0.65 |
Crios 6 de chuid Iarnród Éireann | Irish Rail | €3.90 | €1.50 | €0.65 |
Baineann roinnt eisiaimh le Criosanna Iarnróid 5 agus 6 chomh maith le seirbhísí Expresso agus Bus Oíche.
Seo a leanas samplaí de Thurais i gCrios 5:
- Na Sceirí / Lár Chathair Bhaile Átha Cliath
- Stáisiún Heuston, Baile Átha Cliath / Na Solláin
- Na Clocha Liatha / Duga na Canálach Móire
- Droim Chonrach / Cill Choca
Seo a leanas samplaí de Thurais i gCrios 6:
- Baile Brigín / Binn Éadair
- Na Clocha Liatha / Stáisiún na bPiarsach
- Cill Choca / Baile Átha Cliath
Seirbhísí Bus
- Xpresso: €2.40 do dhuine fásta, €1.00 do leanbh
- Bus Oíche: €4.50