Grúpaí Scoile ag Taisteal ar an Traein
Tosaíonn lá lán spraoi do do ghrúpa scoile le turas ar an traein. Bíonn sceitimíní ar leanaí scoile agus ar mhúinteoirí araon nuair is cuid den turas scoile é turas traenach. Tá táblaí ag gach suíochán agus tá neart spáis ar fáil ionas gur féidir le gach duine a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an aistear, agus san am céanna taitneamh a bhaint as an taobh tíre le linn an aistir, agus cá bhfios, b’fhéidir go mbeadh am do chluiche nó tráth na gceist ar an mbealach chomh
maith.
Cuireann Iarnród Éireann rátaí lascaine 10% ar fáil d'áirithintí grúpaí scoile de 11 dhalta nó níos mó, Luan go Déardaoin.
Tá na lascainí grúpa bunaithe ar ár dtáille gréasáin Leathsholúbtha, táille a ligeann do roinnt solúbthachta chun áirithint do scoile a leasú más gá, suas go 24 uair an chloig roimh thaisteal i gcás nach bhfuil na ticéid priontáilte fós. Tabhaíonn cealuithe agus leasuithe táille 20%.
Anseo thíos tá roinnt samplaí de na Táillí is mó tóir do Ghrúpaí Scoile.
Samplaí de Tháillí do Ghrúpaí Leanaí Scoile* |
---|
Gaillimh go Baile Átha Cliath - €7.20 in aghaidh an linbh |
Cill Airne go Fóite - €7.38 in aghaidh an linbh |
Durlas go Baile Átha Cliath - €8.99 in aghaidh an linbh |
Cathair na Mart go Baile Átha Cliath - €8.10 in aghaidh an linbh |
Corcaigh go Baile Átha Cliath - €11.15 in aghaidh an linbh |
*Is táillí fillte iad seo bunaithe ar lascaine 10% a bheith á fáil ag 11 paisinéir |
Chun do thuras traenach do ghrúpa scoile a chur in áirithe téigh ar líne nó cuir glaoch ar ár nIonad Teagmhála Custaiméirí nó déan teagmháil le d’fhoireann díolacháin áitiúil:
- Corcaigh (021) 455 7020
- Gaillimh (091) 537554 nó (091) 537539
- Luimneach (061) 217 318
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait amharc ar nó íoslódáil ár mBróisiúr Taistil do Ghrúpaí Scoile nó má tá smaointe á lorg agat maidir le ceann scríbe seiceáil ár Smaointe do Thurais Scoile.
Smaointe do Thurais Scoile ar an Traein
Má tá turas scoile á phléanáil nó á eagrú agat, lig dúinn cabhrú leat! Tá gréasán iarnróid scaipthe ar fud na hÉireann, agus is féidir an deis a thabhairt do leanaí scoile Éire ar fad a fheiceáil! Féach ar na cinn scríbe anseo.