Treoir maidir le Ticéid Traenach a Cheannach Ar Líne
Treoir Céim ar Chéim maidir le háirithint a dhéanamh ar líne;
Céim 1 - Iontráil do phointe tosaigh agus ceann scríbe sna réimsí 'Ó' agus 'Go dtí', roghnaigh ticéad 'Singil' nó 'Fillte' agus roghnaigh do dháta(í). Roghnaigh an líon de gach cineál ticéid a theastaíonn uait agus cliceáil 'Ar aghaidh'. Ná déan dearmad go mbíonn suíochán in áirithe le gach ticéad áit a bhfuil a leithéid ar fáil. Tabhair faoi deara nach féidir ticéid a cheannach ach suas le 90 lá roimh do thuras
Céim 1B - Más mian leat suíocháin a chur in áirithe níl le déanamh agat ach 'Suíochán a chur in áirithe' a roghnú agus tic a chur taobh leis an líon paisinéirí a dteastaíonn an rogha seo uathu. Tá an rud céanna fíor faoi thicéid do 'Úsáideoirí cathaoireacha rothaí'. Tá Iarnród Éireann ag cur custaiméirí ar an eolas go mbeidh sé riachtanach suíocháin ar sheirbhísí idichathracha a chur in áirithe roimh ré, chun taisteal idir an 6 Eanair 2021 until further notice, an dá dháta sin san áireamh.
Céim 2 - Roghnaigh an tseirbhís/na seirbhísí is mian leat taisteal orthu trí cheann de na táillí a roghnú agus 'Cuir Ticéid in Áirithe' a roghnú. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, faoi stáisiúin idirmheánacha agus roghanna lónadóireachta mar shampla, roghnaigh an cnaipe 'Taispeáin sonraí'
Céim 3 - Roghnaigh Suíocháin - Eolas Covid 19 - Cuirtear in iúl do chustaiméirí gur féidir suíocháin shannta ar bord na dtraenacha a chur in áirithe ón 11 Deireadh Fómhair 2021. Roghnaigh 'Automatic Seat Selection' nó 'Manual Seat Selection'.
Céim 4 - Logáil isteach - Má tá cuntas atá le hIarnród Éireann cheana féin ní bheidh le déanamh agat ach do sheoladh ríomhphoist agus pasfhocal a iontráil agus 'Logáil isteach' a roghnú, nó féadfaidh tú leanúint ar aghaidh chuig leathanach 'Sonraí Paisinéirí' mar aoi. Mura n-oibríonn sé seo roghnaigh an rogha "pasfhocal dearmadta" agus lean na treoracha ar an scáileán
Céim 4B - Sonraí Paisinéirí - Iontráil ainm(neacha). Mura bhfuil cuntas agat, ná bí buartha, is féidir leat clárú do chuntas ar líne trí tic a chur taobh le 'Is mian liom cuntas Iarnród Éireann a chruthú' faoi 'Shonraí custaiméirí'. Nuair a bheidh d’áirithint déanta agat gheobhaidh tú ríomhphost le do phasfhocal. Cinntigh go gcóipeálann agus go ngreamaíonn tú an pasfhocal ón ríomhphost ionas nach ndéanfaidh tú botún nuair a bheidh an pasfhocal á chlóscríobh agat. Is féidir leat do phasfhocal a nuashonrú faoir 'Mo Chuntas' más mian leat
Céim 5 - Achoimre Íocaíochta - Iontráil do shonraí cárta, léigh agus comhaontaigh leis na téarmaí agus coinníollacha agus ansin cliceáil ar 'Íoc Anois'.
Céim 6 - 3D Secure - Ansin tabharfar chomh fada le roinn 3D Secure WorldPay thú, más mian le do bhanc an cárta a úsáideadh chun an áirithint a dhéanamh a fhíorú. Uaireanta, ní dhéanann na bainc é seo. Níl aon bhaint ag Iarnród Éireann leis an gcuid seo den phróiseas. Baineann sé leatsa agus le do bhanc. Beidh ort do phasfhocal slán nó faisnéis eile nach mbeidh ar eolas ach agat, sealbhóir an chárta, a chur ar fáil. Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh 3D secure, beidh rogha eile ann má cheadaíonn do bhanc a leithéid. Nuair a bheidh sé seo déanta agat cliceáil ar 'Lean ar aghaidh'
Céim 7 - Deimhniú - Tá tú ag an leathanach deimhnithe anois, déan cinnte go scríobhann tú síos do 'Uimhir Bailithe Ticéid' agus go gcoinníonn tú in áit shábháilte í ionas go mbeidh tú in ann do thicéid a bhailiú, gheobhaidh tú deimhniú maidir le d’áirithint i dteachtaireacht ríomhphoist chomh maith. Is féidir leat an áirithint a chur le d’fhéilire anois chun do shaol a dhéanamh níos éasca! *Meabhraítear do chustaiméirí nach féidir áirithintí ar líne a dhéanamh ach suas le 90 lá roimh do thuras
* Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach féidir áirithintí ar líne a dhéanamh ach suas le 90 lá roimh ré.