Find Times and Buy Tickets
Iarnród Éireann Comhlánaigh an fhoirm seo agus seol í chun amanna agus ticéid traenach a aimsiú
Ceann Scríbe
Ó *required
Type
Úsáid na saigheadeochracha ar an méarchlár chun dul tríd an gcineál grúpa
Dáta
Roghnaigh dáta imeachta
Select outbound date dialog
Dáta Imeachta (dd.mm.yyyy)
Roghnaigh dáta fillte
Am

Paisinéirí

1 Paisinéirí Modal Paisinéirí Oscailte<
Roghnaigh dialóg úsáideoirí paisinéirí
Paisinéirí
Eolas Paisinéirí
Áirithint amháin

Pas taistil saor in aisce

Cé atá incháilithe don ticéad seo?

  • Custaiméirí a bhfuil ticéad bailí den Ghrád Oscailte acu
  • Sealbhóirí Saorthaistil/Pas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (an RGFCS)

Cad iad na coinníollacha a bhaineann le taisteal?

Is féidir le custaiméirí a bhfuil ticéad/ticéid b(h)ailí den ghnáthghrád acu cheana féin nó a bhfuil ticéid á gceannach acu ar lá an taistil, ar nós Ticéid Teaghlaigh, Singil, Fillte Lae, Fillte Oscailte, Seachtaine, Mhíosa, Bhliana, InterRail agus sealbhóirí pas Saorthaistil suíochán a chur in áirithe ar sheirbhís ar tháille €2.50 an duine gach bealach Cuirtear in iúl do chustaiméirí nach mbíonn ach roinnt áirithe áirithintí suíocháin amháin ar líne ar fáil.

Cá féidir liom an ticéad seo a cheannach?

  • Léigh ár Ceisteanna Coitianta faoi conas áirithint suíocháin amháin a chur in áirithe.

Cá mbailíonn mé an ticéad? 

Is gá paisinéir amháin ar a laghad a roghnú

Le haghaidh tuilleadh eolais ar Thicéid Ar Líne féach le do thoil Eolas Ticéad

Roghanna
Roghnaigh dialóg na n‐úsáideoirí cathaoireach rothaí
Úsáideoirí cathaoireach rothaí

Roghnaigh an Paisinéir/na Paisinéirí a bhfuil an spás cathaoireach rothaí ag teastáil uathu. Nuair atá rogha déanta, ní thaispeántar le cur in áirithint ach seirbhísí ar a bhfuil spásanna do chathaoir(eacha) rothaí, bunaithe ar do rogha

passenger-seat icon Travel Pass or Travel Ticket holder

Travel Pass or Valid Ticket holder dialog
Travel Pass or Valid Ticket holder

Is an option for customers who are in possession of Free Travel Pass, a valid standard class ticket(s), seasonal ticket(s), Taxsaver ticket(s) or InterRail to book onto a train in standard class. Customers who have a valid standard class ticket but wish to upgrade to First Class should also use this selection. For more information go to Tickets Explained section.

Please select the passenger(s) who require this ticket type

Tionscadal Stáisiún Mhaigh Rois

Forbhreathnú ar an tionscadal

Tá sé beartaithe ag Iarnród Éireann stáisiún iarnróid nua a thógáil i gceantar Mhaigh Rois i Luimneach, ar an líne idir Luimneach agus Gaillimh atá ann cheana féin.  Cuirfidh stáisiún nua Mhaigh Rois naisc iompair phoiblí níos fearr ar fáil don daonra atá ag fás sa cheantar seo, le nascacht le lár chathair Luimnigh, Gaillimh, Corcaigh, Baile Átha Cliath agus níos faide i gcéin.

Lonnaithe i 'gCroílár Cathartha Mhaigh Rois', cuirfidh an stáisiún nua naisc ar fáil do nithe áitiúla is díol spéise ar nós Páirc Thuamhan agus Páirc TUS na nGael, chomh maith le hOllscoil Teicneolaíochta na Sionainne (TUS) chomh maith le háiseanna oideachais agus cathartha eile.

Nascfaidh an stáisiún nua freisin le scéim Ascaill na hOllscoile de chuid na Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh atá beartaithe, chomh maith le BusConnects Luimnigh de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, agus le Líonra CycleConnects Luimnigh atá beartaithe.

Leagtar béim ar sholáthar stáisiúin nua traenach i Maigh Rois mar cheann de na bearta iarnród-bhunaithe i Straitéis Iompair Limistéar Cathrach Luimnigh agus na Sionainne (LSMATS) 2040 agus liostaíodh é freisin mar chuspóir i b Plean Forbartha Luimnigh 2022 - 2028.

Beidh stáisiún nua Mhaigh Rois mar spreagadh athghiniúna an cheantair seo agus tacóidh sé leis an gcuspóir Straitéiseach Náisiúnta 'Fás Dlúth' mar atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2021 - 2030.

Is é an rogha is dealráithí atá ag teacht chun cinn maidir le suíomh do stáisiún Mhaigh Rois ná ar chúl Bhunscoil Corpus Christi cóngrarach d’Eaglais Pharóiste Corpus Christi, d’Ionaid Sláinte agus Fiontair Mhaigh Rois.

Molaimid duit an bróisiúr don tionscadal, 'Tionscadal Stáisiún Mhaigh Rois – Comhairliúchán Poiblí ar an Rogha is Dealraithí a Roghnófar', a léamh sula gcomhlánaíonn tú an ceistneoir seo.

 

Cad iad na hoibreacha atá ag teastáil?

Is éard a bheidh sa stáisiún nua atá beartaithe ná ardán amháin ar an taobh theas den líne idir Luimneach agus Gaillimh atá ann cheana féin le rochtain a bheith ar fál ag gach ceann den ardán.

Beidh an t-ardán nua thart ar 145m ar fhad, chun gur féidir leis freastal ar dhá thraein le trí charráiste in éineacht le chéile. Chomh maith leis sin, beidh an t-ardán nua idir 3m agus 4.5m ar leithead chun meaisíní díola ticéad, córais faisnéise agus fógartha poiblí, agus scáthláin do phaisinéirí a áireamh.

Tá an bealach isteach thiar atá beartaithe don stáisiún suite idir Bunscoil Corpus Christi agus Ionad Sláinte Mhaigh Rois agus beidh rochtain ag coisithe agus ag rothaithe araon trí rochtain nua ó Ascaill Mhaigh Rois. Feidhmeoidh an cosán rothaíochta freisin mar rochtain d'fheithiclí éigeandála agus cothabhála le mullaird inaistrithe chun gur féidir rochtain a rialú.

Tá an bealach isteach thoir chuig an stáisiún le bheith suite amach ó Ghairdíní an tSáirséalaigh, ó dheas ón droichead iarnróid atá ann cheana féin agus ní bheidh rochtain air ach amháin ag coisithe.

Cuirfear saoráidí páirceála rothar ar fáil freisin ag gach bealach isteach chuig an stáisiún.

Tá sé beartaithe freisin an áis bainistíochta dramhaíola atá ann cheana féin ar chúl Ionad Sláinte Mhaigh Rois a athlonnú go dtí limistéar talúin in aice le Páirc Mhílaoise Mhaigh Rois atá folamh.

Cé go d’fhéadfadh cur isteach ar sheirbhísí le linn an stáisiún a thógáil, coinneofar é sin ag an leibhéal is ísle agus is féidir.

Céard iad na buntáistí?

  • Feabhas ar naisc iompair phoiblí do mhuintir Mhaigh Rois: ní bheidh i gceist ach 11 nóiméad chun taisteal go  Stáisiún Cholbaird, Luimneach; 15 nóiméad go Droichead Abhann Ó gCearnaigh, 32 nóiméad go hInis, agus níos lú ná 2 uair an chloig go Gaillimh.
  • Feabhas ar naisc iompair phoiblí le háiseanna oideachais agus pobail, lena n-áirítear TUS, Páirc Thuamhan agus le Páirc TUS na nGael.
  • Tacaíonn sé le hathghiniúint inbhuanaithe Mhaigh Rois agus an cheantair máguaird.
  • Beidh naisc le líonraí iompair atá ann cheana agus atá beartaithe, lena n-áirítear an nascbhóthar straitéiseach atá beartaithe ag Ascaill na hOllscoile idir Ascaill Mhaigh Rois agus Seanbhóthar na Creatalaí, BusConnects Luimnigh, agus CycleConnects Luimnigh atá beartaithe
  • Faoi 2043 beidh beagnach 7000 duine ina gcónaí laistigh de shiúlóid 15 nóiméad den Stáisiún nua atá beartaithe do Mhaigh Rois
  • Spreagfar iliomad modhanna iompair inbhuanaithe trí shaoráidí páirceála rothar a sholáthar.
  • Spreagfar roghanna taistil níos inbhuanaithe trí rogha eile a chur ar fáil seachas turais i gcarranna príobháideacha, lena mbeidh laghdú ar astaíochtaí CO2 a bhaineann le hiompar mar thoradh air.
  • Déanfar é a dhearadh le solúbthacht chun freastal ar dhérianú a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an líne agus an dara hardán a chur leis ar an taobh thuaidh den rian sa stáisiún.

Cuir do thuairimí in iúl dúinn

Tá comhairliúchán poiblí á reáchtáil ag Iarnród Éireann Irish Rail maidir leis an rogha is dealraithí a roghnófar idir Dé Luain an 20 Bealtaine 2024 agus Dé hAoine, an 14 Meitheamh 2024.

Tugtar cuireadh duit cur leis an bpróiseas comhairliúcháin seo chun tuairimí a chur in iúl dúinn maidir leis an rogha is dealraithí a roghnófar le haghaidh Stáisiún Mhaigh Rois tríd an bhfoirm ghréasáin thíos.

Chomh maith leis sin tugtar cuireadh duit freastal ar oíche eolais phoiblí a bheidh ar siúl in Ionad Fiontar Pobail Mhaigh Rois Dé Céadaoin an 5 Meitheamh idir 4:00pm agus 8:00pm, chun tuilleadh a fhoghlaim faoin tionscadal agus bualadh le baill den bhfoireann deartha.

Chun ceist a chur nó chun aighneacht a sheoladh, le do thoil seol ríomhphost go moyross@irishrail.ie

Nó cuir ábhar sa phost go:

Comhairliúchán i leith Stáisiún Mhaigh Rois

Oifig Ceantair d’Eispéireas an Chustaiméara

Stáisiún Cholbaird, Luimneach

Sráid Parnell

Luimneach

V94 H2PP

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tar éis an chomhairliúcháin phoiblí, leanfaidh Iarnród Éireann Irish Rail le forbairt an réamhdhearadh agus táthar ag súil go mbeidh sé críochnaithe faoi fhómhar na bliana 2024. Tá sé beartaithe an t-iarratas pleanála don stáisiún a chur faoi bhráid an údaráis pleanála cuí déanach sa bhliain 2024.

Maoiniú an Tionscadail 

Beidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) ag maoiniú an tionscadal, mar chuid de Chlár Pathfinder na Roinne Iompair, lena n-áirítear 35 tionscadal iompair eiseamláireach atá le seachadadh ag údaráis agus gníomhaireachtaí áitiúla ar fud na tíre laistigh de na 3 bliana amach romhainn.

Ceistneoir Comhairliúcháin Phoiblí

Cuir do thuairimí in iúl dúinn

Bí páirteach agus cuir do thuairimí iniúl dúinn sula ndúnann an comhairliúchán poiblí, an 14 Meitheamh, 2024.

Molaimid duit an bróisiúr don tionscadal, 'Tionscadal Stáisiún Mhaigh Rois – Comhairliúchán Poiblí ar an Rogha is Dealraithí a Roghnófar', a léamh sula gcomhlánaíonn tú an ceistneoir seo.

Chomh maith leis sin, beidh seisiún eolais poiblí á reáchtáil againn Dé Céadaoin an 5 Meitheamh 2024 in Ionad Fiontar Pobail Mhaigh Rois, agus beidh ár bhfoireann i láthair chun aon cheisteanna a d'fhéadfadh a bheith agat a fhreagairt.

*Tabhair faoi deara le do thoil gur ceisteanna roghnacha iad Ceisteanna 8, 9 agus 10, agus ní gá duit na ceisteanna seo a fhreagairt mura mian leat.  Má dhéanann tú cinneadh gan aon cheann de na ceisteanna seo a fhreagairt, cuir tic leis an rogha 'B’fhearr liom gan é seo a fhreagairt' ionas go mbeidh muid ar an eolas faoi do chinneadh.

Tríd an eolas seo a chur ar fáil, cabhraíonn sé linn tuiscint a fháil ar na grúpaí daoine atá ag freagairt don bpróiséas comhairliúcháin. Beidh freagraí ar gach ceist gan ainm, agus ní aithnítear aon duine.Ní roinnfimid an t-eolas seo le haon duine eile. Déanfar aon fhaisnéis phearsanta a sholáthraíonn tú a phróiseáil de réir na Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018.

*
*
*
Please add comments in the above text box
*
Please add comments in the above text box
*
Please add comments in the above text box
*
*
Barr