Iompar Poiblí le Filleadh ar an gCumas Iomlán
31 Lúnasa 2021
Tá áthas ar an Údarás Náisiúnta Iompair a fhógairt go bhfillfidh ár mbusanna, tramanna agus traenacha ar an gcumas iomlán ón gCéadaoin 1ú Meán Fómhair. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh suíocháin blocáilte amach a thuilleadh ar bord ár seirbhísí.
Agus muid ag cur fáilte roimh dhaoine ar ais ar iompar poiblí, tá sábháilteacht ár gcustaiméirí fós mar thosaíocht againn:
- Tá sé fós éigeantach cludach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí
- Leanfaidh oibreoirí iompair ar aghaidh le córas glantacháin laethúil ar a bhflít
- Tá díghalrán láimhe ar fáil ar bhusanna agus ag stáisiúin dár bpaisinéirí
- Ba cheart fuinneoga a fhágáil ar oscailt ar bord nuair atá siad ar fáil chun aeráil a fheabhsú
- Ba cheart an Cárta Léime agus íocaíochtaí eile gan airgead tirim a úsáid nuair is féidir.
Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Iompair, Anne Graham:
“Cuirim fáilte roimh chinneadh na Comh-Aireachta gur féidir le hiompar poiblí filleadh go sábháilte go cumas 100% anois. Tá sé fós éigeantach clúdaigh aghaidhe a chaitheamh, agus d’iarrfainn ar phaisinéirí a bheith foighneach agus iad ag dul ar agus as seirbhísí agus meas a léiriú do bhaill foirne iompair i gcónaí.
Táimid ag tnúth le méadú ar éileamh paisinéirí de réir mar a fhásann muinín i sábháilteacht iompar phoiblí. Leanfaidh an UNI de bheith ag idirchaidreamh le hoibreoirí iompair chun monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí paisinéirí agus ar aon dúshláin a d’fhéadfadh teacht chun cinn de réir mar a fhillfimid ar chumas iomlán”.
Mholfadh an UNI do gach duine leanúint ar aghaidh a bheith tuisceanach do phaisinéirí eile. Má tá tú ar sheirbhís ghnóthach, bí aireach faoi chustaiméirí níos leochailí a bhféadfadh a ngá le suíochán a bheith níos mó ná do ghá féin.
De réir mar a fhilleann scoileanna agus institiúidí triú leibhéal ar fhoghlaim ar an láthair táimid ag súil go mbeidh seirbhísí níos gnóthaí sna seachtainí atá romhainn. Más mian leat seirbhísí gnóthacha a sheachaint, is é ár gcomhairle pleanáil roimh do thuras agus buaicthréimhsí a sheachaint más féidir.
Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil an Aip Bhreisithe TFI Cárta Léime ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android a ligeann d’úsáideoirí a n-iarmhéid a sheiceáil agus breis airgid a chur leis nuair atá siad gníomhach.
Tá tacsaithe agus hacnaithe ar fáil go forleathan ar fud na tíre.
Le haghaidh sonraí faoi na seirbhísí go léir agus eolas faoi thurais bain úsáid as ár n-aip Pleanálaí Turais nó téigh chuig transportforireland.ie
An tAlt Roimhe Seo
26 Bealtaine 2021