Oifigeach Gaeilge
Conradh 6 mhí – clúdach saoire mháithreachais
Freagrach don mBainisteoir Cumarsáide Corparáidí
Cuirfidh an t-iarrthóir a cheapfar feabhas ar sholáthar seirbhíse Iarnród Éireann trí mheán na Gaeilge, agus oibreoidh sé chun comhlíonadh Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003-2021 a bhaint amach.
Príomhfhreagrachtaí
- Feasacht maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur chun cinn in Iarnród Éireann - Irish Rail., le béim ar chumarsáid leis an bpobal i gcoitinne, lena n-áiritear ábhair mhargaíochta, comharthaíocht, na mheáin shóisialta agus príomardáin chumarsáide eile.
- Oibriú le comhghleacaithe chun a chinntiú go mbainfear amach gealltanais i bpolasaithe Ghaeilge na heagraíochta.
- Tionscnaimh a fhorbairt chun úsáid Ghaeilge in Iarnród Éireann - Irish Rail a spreagadh, agus teagmháil le custaiméirí trí mheán na Gaeilge a fheabhsú.
- Teagmháil a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le cúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge
- Bheith páirteach i gCumann na nOifgeach Gaeilge, gréasán do na hOifigigh Ghaeilge sa tír.
Ní liosta iomlán d’fhreagrachtaí an róil é seo, níl ann ach achoimre na bpríomhdhualgais agus príomhfhreagrachtaí a bhaineann leis.
Cáilíochtaí Riachtanacha
- Líofacht sa Ghaeilge scríofa agus labhartha, Meánleibhéal B2 TEG ar a laghad
- Tuiscint chuimsitheach ar an reachtaíocht cuí
Cáilíochtaí Inmhianaithe
- Céim nó cáilíocht iarchéime sa Ghaeilge
- Taithí ar chúrsaí a bhaineann le comhlíonadh in eagraíocht mhór scaipthe, go háirithe cúrsaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla
- Taithí ar thionscnaimh dhearfacha a dhíríonn ar rannpháirtíocht fostaithe agus custaiméirí a chur chun cinn
- Caighdeáin Ghaeilge mar atá leagtha síos sa Chaighdeán Oifigiúil, 2017, a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta.
D'fhéadfaí gearrliosta d’iarrthóirí a chur le chéile, bunaithe ar a n-iarratais/CV agus ar bhonn a dtaithí chuí.
Má tá suim agat iarratas a chur isteach ar an ról seo, ba chóir iarratais lena n-áirítear CVanna a sheoladh go:’ Sharedservicesrecruit@irishrail.ie roimh am scoir gnó, an 6 Bealtaine, 2025. Ba chóir go mbeadh iarratais dátheangacha, as Gaeilge agus i mBéarla araon.
Caithfear teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Comhroinnte Acmhainní Daonna, Ceanncheathrú Uí Chonghaile tríd an bpost ag an seoladh ríomhphoist thuas le ceisteanna maidir leis an bpost thuasluaite.
In Iarnród Éireann táimid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú a leabú i ngach rud a dhéanaimid. Déanfaimid ár ndícheall cóiríocht réasúnta a chur ar fáil do gach iarrthóir nuair is gá agus nuair a iarrtar sin.
Is fostóir comhdheiseanna muidne agus ní dhéanaimid idirdhealú in aghaidh aon fhostaí ná iarratasóir ar fhostaíocht mar gheall ar chine, eitneachas, gnéas, aois, reiligiún, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus/nó léiriú ná míchumas.