CCA6.1 Na Clocha Liatha go dtí an Caisleán Nua
Is é CCA6.1 an chuid den chósta a shíneann ó na Clocha Liatha Theas go dtí an Caisleán Nua. Is feadh claífort nádúrtha ar chúl na trá a shíneann an líne iarnróid ag an éadanas seo. Stráicí fada de shraodbhalla carraige atá sna bearta cosanta cósta atá ann faoi láthair.
Meascán de shraodbhallaí carraige agus ballaí mara atá sa Scéim is Dealraithí a Roghnófar atá le cur faoi bhur mbráid ag an gcomhairliúchán poiblí.
Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí a aithníodh leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar:
- Tógáil neamhchasta agus ar chostas measartha íseal; agus
- Ní bheidh gá le mórán cothabhála a dhéanamh ná le mórán airgid a chaitheamh ar chothabháil.
Sraodbhalla carraige
- Tógfar sraodbhalla carraige feadh roinnt stráicí den éadanas neamhchosanta chun cosc a chur leis an gcreimeadh agus chun ailíniú na líne cladaigh a chobhsú. Chomh maith leis sin, laghdóidh na struchtúir seo scaileogú anuas ar an líne iarnróid.
- Dhá shraith ar a laghad de chlocha móra nádúrtha a bheidh sa sraodbhalla carraige seo a mbeidh bunleibhéal carraige faoi. Roghnaíodh méid na carraige ar mhaithe le seasmhacht fadtéarmach chomh maith leis an athrú aeráide a bheith san áireamh. Cuireann leagan amach na sraodbhallaí carraige srian ar scaileogú.
Céimeanna Rochtana don Trá
- Tógfar céimeanna coincréite rochtana síos chun na trá trí na sraodbhallaí nua carraige chun rochtain shábháilte ar an trá a chur ar fáil.
Sraodbhalla Coincréite
- Moltar sraodbhalla coincréite seachas sraodbhalla carraige don cheantar thart ar The Breaches Beidh fána coincréite sa sraodbhalla coincréite le bratphíle ag an mbun agus cosaint carraige ag an mbun chomh maith.
Ballaí Mara
- Beidh balla mara ag teastáil díreach taobh thiar de roinnt de na sraodbhallaí carraige chun go mbeidh bacainn neamhscagach ar chúl na sraodbhallaí scagacha carraige. Glacadh leis ag an bpointe seo den dearadh go ndéanfar an balla mara den chuid is mó as coincréit réamhtheilgthe threisithe. Socrófar ailíniú agus méid na mballaí sa gcéad chéim eile den dearadh.
Ábhar Úsáideach agus Ábhar is féidir a Íoslódáil
- CCA6.1 Bróisiúr
- Emerging Preferred Scheme CCA6.1 Plan
- Cross Section Extension of Rock Revetments
- Cross Section Concrete Revetment at the Breaches
- Emerging Preferred Scheme CCA6.1 Preliminary Options Selection Report
Appendices
To make a submission please visit the How to Engage section.