CCA5 Ceann Bhré go Trá Thuaidh na gCloch Liath
Is é CCA5 an chuid den chósta a shíneann ó Cheann Bhré ag Cuas Naylors go Trá Thuaidh na gCloch Liath; lastuaidh de Chuan na gCloch Liath. Ceantar tuaithe den chuid is mó atá san éadanas seo agus síneann an líne iarnróid feadh an chósta isteach is amach trí tholláin.
Déanfar an Scéim is Dealraithí a Roghnófar do CCA5 a chur i láthair ag an gcomhairliúchán poiblí. Sraodbhallaí carraige (ag Ceann Bhré) chomh maith le cinn tíre carraige agus cúlú aille bainistithe (ag Trá Thuaidh na gCloch Liath) atá sa scéim sin.
Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí a aithníodh leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar:
- Ní gá mórán airgid a chaitheamh agus ní gá mórán cothabhála a dhéanamh;
- Lorg níos lú;
- Coimeádtar rochtain ar an áis taitneamhachta seo;
- Ní úsáidfear mórán ábhar agus ní tháirgfear mórán fuíollábhair;
- An rogha is fearr maidir le bainistiú carbóin; agus
- Ní chuirtear isteach ar phróisis nádúrtha idir na cinn tíre.
Sraodbhallaí Carraige ag Ceann Bhré
- Síneann an líne iarnróid leis an aill ag CCA5 agus tá tacaíocht aici ón taobh thíos agus tá cosaint aici ó struchtúir éagsúla saoirseachta agus carraige. Cuirfear sraodbhallaí carraige os comhair cuid de na struchtúir chósta neamhchosanta atá ann cheana féin. Cuirfidh na sraodbhallaí carraige seo cosc le cailleadh an chladaigh agus ag an am céanna, déanfaidh siad fuinneamh na dtonnta a mhaolú agus buille na dtonnta in aghaidh na struchtúr cósta atá ann cheana féin a laghdú.
- Beidh dhá shraith ar a laghad de chlocha móra nádúrtha sna sraodbhallaí carraige. Roghnaíodh méid na carraige ar mhaithe le seasmhacht fadtéarmach chomh maith leis an athrú aeráide a bheith san áireamh. Beidh an charraig seo ar ard-chaighdeán chun a chinntiú go mairfidh sí ar feadh i bhfad.
Cinn Tíre Carraige ag Trá Thuaidh na gCloch Liath
- Tógfar na cinn tíre carraige ar an trá ag bun na n-aillte boga. Beidh an ceann tíre ó thuaidh thart ar 180m ar fhad agus an ceann tíre ó dheas thart ar 300m ar fhad agus thart ar 250m idir an dá cheann tíre. Tá gach toise le deimhniú i rith fhorbairt an deartha. Beidh dhá shraith ar a laghad de chlocha móra nádúrtha sna cinn tíre carraige. Roghnaíodh méid na carraige ar mhaithe le seasmhacht fadtéarmach chomh maith leis an athrú aeráide a bheith san áireamh.
- Tabharfaidh na cinn tíre carraige cosaint do bhun na haille agus seasmhacht do chóras uachtarach na haille ag na suíomhanna seo. Ní bheidh deireadh iomlán le cúlú aille idir na cinn tíre carraige seo go dtí go mbeidh cuan socair ann, ach tiocfaidh laghdú air san idirlinn.
Siúlbhealaí agus Rochtain
- Beidh gob ar aghaidh na farraige ag gach ceann tíre carraige d’fhonn seasmhacht na gcuanta a fheabhsú idir na cinn tíre. Beidh srian de réir na taoide ar an rochtain i dtreo na farraige, agus mar sin cuirfear rochtain bhreise ar fáil leis an gcladach i dtreo na tíre do na struchtúir seo ag bun na n-aillte atá ann cheana féin. Cuirfear conairí nádúrtha ar fáil.
Ábhar Úsáideach agus Ábhar is féidir a Íoslódáil
- CCA5 Bróisiúr
- Emerging Preferred Scheme CCA5 Plan
- Cross Section Rock Headland at Greystones North Beach
- Emerging Preferred Scheme CCA5 Preliminary Options Selection Report
Appendices
To make a submission please visit the How to Engage section.