CCA6.2 An Caisleán Nua go Cuan Chill Mhantáin
Is é CCA6.2 an chuid den chósta a shíneann ó dheisceart an Chaisleáin Nua síos go Cill Mhantáin. Is feadh claífort nádúrtha ar chúl na trá a shíneann an líne iarnróid ag an éadanas seo. Áirítear leis na bearta cosanta cósta atá ann faoi láthair sraodbhalla aonaid armúir coincréite agus sraodbhallaí carraige feadh stráicí áirithe den éadanas seo. Níl cosaint ar bith ag an gcuid is mó den éadanas in aghaidh creimeadh cósta.
Déanfar an Scéim is Dealraithí a Roghnófar a chur i láthair ag an gcomhairliúchán poiblí. Sraodbhallaí carraige agus ballaí mara atá sa scéim sin.
Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí a aithníodh leis an Scéim is Dealraithí a Roghnófar:
- Tógáil neamhchasta agus ar chostas measartha íseal
- Ní bheidh gá le mórán cothabhála a dhéanamh ná le mórán airgid a chaitheamh ar chothabháil.
Sraodbhalla carraige
- Tógfar sraodbhalla nua carraige feadh roinnt stráicí den éadanas neamhchosanta chun cosc a chur leis an gcreimeadh agus chun ailíniú na líne cladaigh a chobhsú. Chomh maith leis sin, laghdóidh na struchtúir seo scaileogú anuas ar an líne iarnróid.
- Dhá shraith ar a laghad de chlocha móra nádúrtha a bheidh sa sraodbhalla carraige seo agus beidh bunleibhéal carraige faoi. Roghnaíodh méid na carraige ar mhaithe le seasmhacht fadtéarmach chomh maith leis an athrú aeráide a bheith san áireamh. Cuireann leagan amach na sraodbhallaí carraige srian breise ar scaileogú.
Céimeanna rochtana don trá
- Tógfar céimeanna coincréite rochtana síos chun na trá trí na sraodbhallaí nua carraige chun rochtain shábháilte ar an trá a chur ar fáil.
Ballaí Mara
- Beidh balla mara ag teastáil díreach taobh thiar de roinnt de na sraodbhallaí carraige seo chun go mbeidh bacainn neamhscagach ar chúl na sraodbhallaí scagacha carraige. Glacadh leis ag an bpointe seo den dearadh go ndéanfar an balla mara as coincréit réamhtheilgthe threisithe. Socrófar ailíniú agus méid na mballaí sa gcéad chéim eile den dearadh.
Ábhar Úsáideach agus Ábhar is féidir a Íoslódáil
- CCA6.2 Bróisiúr
- Emerging Preferred Scheme CCA6.2 Plan
- Cross Section Extension of Rock Revetments
- Emerging Preferred Scheme CCA6.2 Preliminary Options Selection Report
Appendices
To make a submission please visit the How to Engage section.